+Airteagal 33 Coinbhleachtaí leasa
---+Airteagal 33 1.
---+Airteagal 33 2.
---+Airteagal 33 3.
---+Airteagal 33 4.
---+Airteagal 33 5.

Airteagal 33 Coinbhleachtaí leasa

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 33 1.
Déanfaidh contrapháirtí lárnach socruithe eagrúcháin agus riaracháin éifeachtacha i scríbhinn a chothabháil agus a oibriú chun aon choinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh a bheith ann idir é féin, lena n-áirítear a bhainisteoirí, a fhostaithe, nó aon duine a bhfuil rialú nó dlúthnaisc dhíreacha nó indíreacha aige leo, agus a chomhaltaí imréitigh nó a gcliaint a bhfuil eolas ag an gcontrapháirtí lárnach fúthu a shainaithint agus a bhainistiú. Déanfaidh sé nósanna imeachta leordhóthanacha a chothabháil agus a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh coinbhleachtaí leasa féideartha a réiteach.
Airteagal 33 2.
I gcás nach leor na socruithe eagrúcháin nó riaracháin atá ag contrapháirtí lárnach ar mhaithe le coinbhleachtaí leasa a bhainistiú le go n-áiritheofar, le muinín réasúnach, go ndéantar an baol damáiste do leasanna comhalta imréitigh nó do leasanna cliaint a chosc, nochtfaidh sé go soiléir nádúr ginearálta nó foinsí na gcoinbhleachtaí leasa don chomhalta imréitigh sula nglacfar le hidirbhearta nua ón gcomhalta imréitigh sin. Más eol do chontrapháirtí cé hé an cliant, cuirfidh sé an cliant agus an comhalta imréitigh arb é a chliant sin atá i gceist ar an eolas.
Airteagal 33 3.
Aon chúinsí a bhfuil an contrapháirtí lárnach ar an eolas fúthu nó ar cheart dó a bheith ar an eolas fúthu, a d'fhéadfadh coinbhleacht leasa a chur faoi deara mar thoradh ar struchtúr agus ar ghníomhaíochtaí gnó na ngnóthas eile a bhfuil gaol máthairghnóthas nó fochuideachta aige leo, déanfar na cúinsí sin a chur san áireamh sna socruithe i scríbhinn freisin, i gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta é an contrapháirtí lárnach.
Airteagal 33 4.

Cuimseoidh na socruithe i scríbhinn arna mbunú i gcomhréir le mír 1 an méid seo a leanas:

(a) 

na cúinsí ar coinbhleacht leasa iad nó a d'fheadfadh coinbhleacht leasa a chur faoi deara, lena mbaineann baol ábhartha damáiste do leasanna ceann amháin nó níos mó de na comhaltaí imréitigh nó de na cliaint;

(b) 

nósanna imeachta a bheidh le leanúint agus bearta le glacadh leo d'fhonn coinbhleacht den chineál sin a bhainistiú.

Airteagal 33 5.
Déanfaidh contrapháirtí lárnach gach beart réasúnach le cosc a chur ar aon mhí-úsáid faisnéise atá á coimeád ina chórais agus cuirfidh sé cosc ar úsáid na faisnéise sin i gcomhair gníomhaíochtaí eile gnó. Maidir le faisnéis rúnda a thaifeadtar i gcontrapháirtí lárnach amháin, ní dhéanfaidh aon duine nádúrtha eile ná dlítheanach eile a bhfuil caidreamh máthairchuideachta nó fochuideachta aige leis an gcontrapháirtí lárnach sin, í a úsáid chun críocha tráchtála. ach amháin le toiliú roimh ré i scríbhinn an chliaint ar leis an fhaisnéis rúnda sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas