+Airteagal 42 Ciste mainneachtana
---+Airteagal 42 1.
---+Airteagal 42 2.
---+Airteagal 42 3.
---+Airteagal 42 4.
---+Airteagal 42 5.

Airteagal 42 Ciste mainneachtana

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 42 1.
D'fhonn a neamhchosaintí creidmheasa a theorannú níos mó dá chomhaltaí imréitigh, coinneoidh contrapháirtí lárnach ciste mainneachtana réamh-mhaoinithe chun caillteanais ag eascairt as mainneachtain a chlúdach, ar caillteanais iad lena sáraítear na caillteanais atá le clúdach ag ceanglais éarlaise atá leagtha síos in Airteagal 41, lena n-áirítear nós imeachta dócmhainneachta comhalta imréitigh amháin nó níos mó a oscailt.

Suífidh an contrapháirtí lárnach méid íosta nach rachaidh méid an chiste mainneachtana, ar aon chúinse, faoina bhun.

Airteagal 42 2.
Socróidh contrapháirtí lárnach íosmhéid na ranníocaíochtaí i leith an chiste mainneachtana agus na critéir chun ranníocaíochtaí comhaltaí imréitigh aonair a ríomh. Beidh na ranníocaíochtaí i gcomhréir le neamhchosaintí gach aon chomhalta imréitigh.
Airteagal 42 3.
Cuirfear ar chumas an chontrapháirtí lárnaigh ar a laghad leis an gciste mainneachtana, faoi dhálaí margaidh atá foircneach ach sochreidte, mainneachtain an chomhalta imréitigh a bhfuil na neamhchosaintí is mó aige ina leith a sheasamh, nó chun mainneachtain an dara agus an tríú comhalta imréitigh is mó a sheasamh más mó suim a neamhchosaintí. Déanfaidh contrapháirtí lárnach forbairt ar chásanna de dhálaí margaidh atá foircneach ach sochreidte. Cuimseofar leis na cásanna sin na tréimhsí ba luainí a chonacthas sna margaí a soláthraíonn an contrapháirtí lárnach a sheirbhísí dóibh agus réimse cásanna a d'fhéadfadh teacht chun cinn amach anseo. Cuirfear san áireamh leo acmhainní airgeadais a dhíoltar go tobann agus laghduithe tapa ar leachtacht mhargaidh.
Airteagal 42 4.
Féadfaidh contrapháirtí lárnach níos mó ná ciste mainneachtana amháin a bhunú le haghaidh na n-aicmí éagsúla ionstraimí a dhéanann sé a imréiteach.
Airteagal 42 5.
D'fhonn cur chun feidhme comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le CEBC agus tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar an creat chun dálaí margaidh atá foircneach ach sochreidte dá dtagraítear i mír 3 a shainiú, ar cheart iad a úsáid agus méid an chiste mainneachtana agus na n-acmhainní eile airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 43 á sainmhíniú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas