+Airteagal 61 Iarraidh ar fhaisnéis
---+Airteagal 61 1.
---+Airteagal 61 2.
---+Airteagal 61 3.
---+Airteagal 61 4.
---+Airteagal 61 5.
|
Airteagal 61 Iarraidh ar fhaisnéis
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 61 1.
|
Féadfaidh ÚEUM, trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh, a cheangal ar stórtha trádála agus ar thríú páirtithe gaolmhara a ndearna na stórtha trádála feidhmeanna oibríochtúla nó gníomhaíochtaí a eisfhoinsiú chucu an fhaisnéis go léir is gá a sholáthar chun a chúraimí a chur i gcrích faoin Rialachán seo.
|
|
Airteagal 61 2.
|
Nuair atá iarraidh shimplí ar fhaisnéis á seoladh faoi mhír 1, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:
(a)
déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata;
(b)
luafaidh sé cuspóir na hiarrata;
(c)
sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear;
(d)
socróidh sé teorainn ama ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;
(e)
cuirfidh sé in iúl don té a n-iarrtar an fhaisnéis air nach mbeidh sé de cheanglas air an fhaisnéis sin a chur ar fáil, ach i gcás go dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nár cheart go mbeadh an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil mícheart ná míthreorach; agus
(f)
léireoidh sé an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 65, i dteannta phointe (a) de Roinn IV d'Iarscríbhinn I, i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach.
|
|
Airteagal 61 3.
|
Agus é á chur de cheangal faisnéis a sholáthar faoi mhír 1 trí chinneadh, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:
(a)
déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata;
(b)
luafaidh sé cuspóir na hiarrata;
(c)
sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear;
(d)
socróidh sé teorainn ama ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;
(e)
sonróidh sé na tráthíocaíochtaí pionósacha dá bhforáiltear in Airteagal 66 i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éileofar tugtha ar aird go neamhiomlán;
(f)
léireoidh sé an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 65, i dteannta phointe (a) de Roinn IV d'Iarscríbhinn I, i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach; agus
(g)
sonróidh sé an ceart chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚEUM agus chun an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“An Chúirt Bhreithiúnais”) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 61 4.
|
Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a n-ionadaithe nó, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, déanfaidh na daoine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a mbunreachta an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar thar a gceann. Dlíodóirí a údaraítear go cuí chun gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
|
|
Airteagal 61 5.
|
I gcás daoine dá dtagraítear i mír 1 lena mbaineann an fhaisnéis, déanfaidh ÚEUM, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil siad lonnaithe nó bunaithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|