+Airteagal 89 3c.

Airteagal 89 3c.

Athbhreithneoidh ESMA na cinntí aitheantais a glacadh de bhun Airteagal 25(1) roimh dáta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 25(2a) agus in Airteagal 25a(3) faoi cheann 18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 25(2a), i gcomhréir le hAirteagal 25(5).

I gcás ina gcinnfidh ESMA, tar éis an athbhreithnithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, gur chóir CPL a fuair aitheantas roimh an 1 Eanáir 2020 a aicmiú mar CPL Leibhéal 2 i gcomhréir le hAirteagal 25(2a), socróidh ESMA tréimhse oiriúnaithe iomchuí nach faide ná 18 mí ar lena linn nach mór don CPL na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 25(2b) a chomhlíonadh. Féadfaidh ESMA síneadh suas le 6 mhí a chur leis an tréimhse oiriúnaithe sin ar iarraidh réasúnaithe ón CPL nó ó aon cheann de na húdaráis inniúla atá freagrach as an maoirsiú ar na comhaltaí imréitigh atá bunaithe san Aontas, i gcás ina bhfuil bonn cirt leis an síniú sin de bharr imthosca eisceachtúla agus de bharr an tionchair ar na comhaltaí imréitigh atá bunaithe san Aontas.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas