+Airteagal 13 Cleachtais margaidh a bhfuil glacadh leo
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.
---+Airteagal 13 5.
---+Airteagal 13 6.
---+Airteagal 13 7.
---+Airteagal 13 8.
---+Airteagal 13 9.
---+Airteagal 13 10.
---+Airteagal 13 11.
---+Airteagal 13 12.
---+Airteagal 13 13.
|
Airteagal 13 Cleachtais margaidh a bhfuil glacadh leo
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1.
|
Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc in Airteagal 15 maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 12(1)(a), ar choinníoll go suíonn an duine a dhéanann idirbheart, a chuireann ordú chun trádála nó a ghabhann d’aon iompraíocht eile go ndearnadh an t-idirbheart nó an t-ordú sin, nó gur gabhadh den iompraíocht sin, ar chúiseanna dlisteanacha agus go bhfuil an t-idirbheart sin, an t-ordú sin nó an iompraíocht sin ar comhréir le cleachtas margaidh a bhfuil glacadh leis, arna bhunú i gcomhréir leis an Airteagal seo.
|
|
Airteagal 13 2.
|
Féadfaidh údarás inniúil cleachtas margaidh a bhfuil glacadh leis a bhunú agus na critéir seo a leanas á gcur san áireamh acu:
(a)
cibé an bhforáiltear leis an gcleachtas margaidh do leibhéal substaintiúil trédhearcachta ó thaobh an mhargaidh;
(b)
cibé an n-áirithíonn an cleachtas margaidh leibhéal ard coimircí d’oibríocht fhórsaí an mhargaidh agus idirghníomhaíocht chuí na bhfórsaí soláthair agus éilimh;
(c)
cibé an bhfuil tionchar deimhneach ag an gcleachtas margaidh ar leachtacht agus éifeachtúlacht an mhargaidh;
(d)
cibé an ndéanann an cleachtas margaidh sásra trádála an mhargaidh ábhartha a chur san áireamh agus an gcuireann sé ar chumas na rannpháirtithe margaidh frithghníomhú go cuí agus ar mhodh tráthúil i leith staid nua sa mhargadh a chruthaítear de bhua an chleachtais sin;
(e)
cibé nach ndéanann an cleachtas margaidh rioscaí a chruthú do shláine margaí gaolmhara, bídís gaolmhar go díreach nó go hindíreach, bíodh na margaí sin rialáilte nó ná bíodh san ionstraim airgeadais ábhartha laistigh den Aontas;
(f)
toradh aon imscrúdaithe ar an gcleachtas ábhartha margaidh arna dhéanamh ag aon údarás inniúil nó ag aon údarás eile, go háirithe cibé ar sáraíodh leis an gcleachtas ábhartha margaidh sin rialacha nó rialacháin atá ceaptha drochúsáid margaidh a chosc nó cóid iompraíochta, beag beann ar chibé an mbaineann sé leis an margadh ábhartha nó ar mhargaí atá gaolmhar go díreach nó go hindíreach laistigh den Aontas; agus
(g)
saintréithe struchtúracha an mhargaidh ábhartha inter alia cibé an bhfuil sé rialáilte nó nach bhfuil, na cineálacha ionstraimí airgeadais a thrádáiltear agus an cineál rannpháirtithe margaidh, lena n-áirítear a mhéid atá infheisteoirí miondíola rannpháirteach sa mhargadh ábhartha.
Ní dhéanfar cleachtas margaidh atá bunaithe ag údarás inniúil mar chleachtas a bhfuil glacadh leis i margadh ar leith a mheas mar chleachtas atá infheidhme maidir le margaí eile mura rud é go mbeidh glacadh ag údaráis inniúla na margaí eile sin leis an gcleachtas de bhun an Airteagail seo.
|
|
Airteagal 13 3.
|
Sula ndéantar cleachtas margaidh a bhfuil glacadh leis a bhunú i gcomhréir le mír 2, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do ÚEUM agus do na húdaráis inniúla eile go bhfuil sé ar intinn acu cleachtas margaidh a bhfuil glacadh leis a bhunú agus soláthróidh siad mionsonraí den mheasúnú a rinneadh i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i mír 2. Déanfar an fhógairt sin ar a laghad trí mhí sula mbeidh sé beartaithe go ngabhfaidh éifeacht leis an gcleachtas margaidh a bhfuil glacadh leis.
|
|
Airteagal 13 4.
|
Laistigh de dhá mhí tar éis an fógra a fháil, eiseoidh ÚEUM tuairim chuig an údarás inniúil a thugann fógra ina ndéanfar measúnú ar a mhéid atá gach cleachtas margaidh a bhfuil glacadh leis ag luí leis na ceanglais a bhunaítear i mír 2 agus a shonraítear sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun mhír 7. Déanfaidh ÚEUM a mheas sa tuairim sin freisin an é nach mbeadh bunú cleachtais margaidh a bhfuil glacadh leis ina bhagairt ar iontaoibh an mhargaidh i margadh airgeadais an Aontais. Foilseofar an tuairim ar shuíomh gréasáin ÚEUM.
|
|
Airteagal 13 5.
|
Sa chás ina mbunaíonn údarás inniúil cleachtas margaidh a bhfuil glacadh leis atá contrártha do thuairim ÚEUM arna heisiúint i gcomhréir le mír 4, déanfaidh sé, laistigh de 24 uaire an chloig ón gcleachtas margaidh a bhfuil glacadh leis a bhunú, fógra a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin ina leagtar amach go hiomlán na cúiseanna atá aige le déanamh amhlaidh, lena n-áirítear an chúis nach bhfuil an cleachtas margaidh a bhfuil glacadh leis ina bhagairt ar iontaoibh an mhargaidh.
|
|
Airteagal 13 6.
|
I gcás ina measann údarás inniúil go bhfuil cleachtadh margaidh a bhfuil glacadh leis bunaithe ag údarás inniúil nach gcomhlíonann na critéir a leagtar amach i mír 2, cabhróidh ÚEUM leis na húdaráis lena mbaineann teacht ar chomhaontú i gcomhréir lena chumhachtaí faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Mura n-éiríonn leis na húdaráis inniúla lena mbaineann teacht ar chomhaontú, féadfaidh ÚEUM cinneadh a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 13 7.
|
Chun comhchuibhiú comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na critéir, an nós imeachta agus na ceanglais maidir le cleachtas margaidh a bhfuil glacadh leis a bhunú faoi mhír 2, faoi mhír 3 agus faoi mhír 4 agus na ceanglais chun é a choimeád, chun deireadh a chur leis, nó chun na coinníollacha maidir lena ghlacadh a mhodhnú. Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 13 8.
|
Déanfaidh na húdaráis inniúla athbhreithniú go tráthrialta, agus gach dhá bhliain ar a laghad, ar na cleachtais margaidh a bhfuil glacadh leo atá bunaithe acu, á chur san áireamh go sonrach acu athruithe suntasacha i dtimpeallacht an mhargaidh ábhartha, ar nós athruithe ar rialacha trádála nó ar bhonneagair mhargaidh, d’fhonn a chinneadh cibé an ndéanfaidh siad é a choimeád, deireadh a chur leis, na coinníollacha maidir lena ghlacadh a mhodhnú.
|
|
Airteagal 13 9.
|
Déanfaidh ÚEUM liosta de na cleachtais margaidh a bhfuil glacadh leo agus cé acu Ballstáit ina bhfuil siad infheidhme a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin.
|
|
Airteagal 13 10.
|
Déanfaidh ÚEUM faireachán ar chur i bhfeidhm cleachtas margaidh a bhfuil glacadh leo agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin gcaoi a ndéantar iad a chur i bhfeidhm sna margaí lena mbaineann.
|
|
Airteagal 13 11.
|
Déanfaidh údaráis inniúla na cleachtais margaidh a bhfuil glacadh leo uile a bheidh bunaithe acu roimh 2 Iúil 2014 a chur in iúl do ÚEUM laistigh de thrí mhí ón tráth a thiocfaidh na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 7 i bhfeidhm. Leanfaidh na cleachtais margaidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a bhfuil glacadh leo d’fheidhm a bheith acu sa Bhallstát lena mbaineann go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an údarás inniúil maidir le leanúint den chleachtas sin tar éis thuairim ÚEUM faoi mhír 4.
|
|
Airteagal 13 12.
|
Gan dochar do chleachtais mhargaidh a bhfuil glacadh leo, mar a bhunaítear i gcomhréir le míreanna 1 go 11 den Airteagal seo, féadfaidh eisitheoir ionstraimí airgeadais arna ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM conradh leachtachta a dhéanamh maidir lena chuid scaireanna, i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
comhlíonann téarmaí agus coinníollacha an chonartha leachtachta na critéir a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo agus i Rialachán arna Tharmligean (AE) 2016/908 ón gCoimisiún (
8
);
(b)
déantar an conradh leachtachta a tharraingt suas i gcomhréir leis an teimpléad Aontais dá dtagraítear i mír 13 den Airteagal seo;
(c)
d’údaraigh an t‐údarás inniúil an soláthraí leachtachta go cuí i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE agus tá an soláthraí leachtachta cláraithe mar chomhalta den mhargadh leis an oibreoir margaidh nó leis an ngnólacht infheistíochta a fheidhmíonn an margadh fáis FBM;
▼M5
(d)
admhaíonn an t-oibreoir margaidh nó an gnólacht infheistíochta a oibríonn an margadh fáis FBManna i scríbhinn don eisitheoir go bhfuil cóip den chonradh leachtachta faighte aige.
▼M3
Beidh an t‐eisitheoir dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo in ann a léiriú tráth ar bith go bhfuil na coinníollacha faoina ndearnadh an conradh a thabhairt i gcrích á gcomhlíonadh ar bhonn leanúnach. Soláthróidh an t‐eisitheoir sin agus an t‐oibreoir margaidh nó an gnólacht infheistíochta a fheidhmíonn an margadh fáis FBM cóip den chonradh leachtachta do na húdaráis inniúla ábhartha arna iarraidh sin dóibh.
|
|
Airteagal 13 13.
|
Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun teimpléad conarthach a tharraingt suas, a bheidh le húsáid chun conradh leachtachta a dhéanamh i gcomhréir le mír 12, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na critéir a leagtar amach i mír 2, lena n‐áirítear a mhéid a bhaineann le trédhearcacht sa mhargadh agus feidhmíocht na forála leachtachta. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Meán Fómhair 2020. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|