Cuirfidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le ÚEUM agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Baincéireachta Eorpach), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
12
), tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme na Caibidle seo, lena n-áirítear a héifeachtacht, deacrachtaí i gcur chun feidhme praiticiúil agus forfheidhmiú, agus forbairtí ábhartha sa mhargadh ag leibhéal an Aontais agus ag an leibhéal idirnáisiúnta á gcur i gcuntas. Tabharfaidh an tuarascáil aghaidh freisin ar oiriúnacht raon chur i bhfeidhm na Caibidle seo i ndáil le hidirghabhálaithe ó thríú tíortha. Foilseoidh an Coimisiún an tuarascáil faoin 10 Meitheamh 2023.