+Airteagal 2 Sainmhínithe
---+Airteagal 2 1.
---+Airteagal 2 2.
|
Airteagal 2 Sainmhínithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 1.
|
Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn “ionstraim airgeadais” ionstraim a liostaítear i Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE;
(b)
ciallaíonn “díol folamh” i ndáil le scair nó le hionstraim fiachais, aon díol den scair nó den ionstraim fiachais nach bhfuil faoi úinéireacht an díoltóra tráth a dhéantar an comhaontú chun díola, lena n-áirítear díol den sórt ar dá réir, tráth a dhéantar an comhaontú chun díola, go bhfuil an scair nó an ionstraim fiachais faighte ar iasacht lena seachadadh tráth na socraíochta, nó go bhfuil an díoltóir tar éis comhaontú a dhéanamh chun an méid sin a dhéanamh, seachas:
(i)
díol ag ceachtar páirtí faoi chomhaontú athcheannaigh i gcás inar aontaigh páirtí amháin urrús a dhíol leis an bpáirtí eile ar phraghas sonraithe agus é mar ghealltanas ag an bpáirtí eile an t-urrús sin a dhíol ar ais ar dháta níos déanaí ar phraghas sonraithe eile;
(ii)
aistriú urrús faoi chomhaontú maidir le hiasachtú urrús; nó
(iii)
conradh todhchaíochtaí nó conradh díorthach eile a dhéanamh ina gcomhaontaítear urrúis a dhíol ar phraghas sonraithe ar dháta éigin sa todhchaí;
(c)
ciallaíonn “babhtáil mainneachtana creidmheasa” conradh díorthach ina n-íocann páirtí amháin táille le páirtí eile i gcomaoin íocaíochta nó sochair eile i gcás teagmhais chreidmheasa a bhaineann le heintiteas tagartha agus i gcás aon mhainneachtana eile a bhaineann leis an gconradh díorthach sin, agus a bhfuil éifeacht eacnamaíoch chomhchosúil aige;
(d)
ciallaíonn “eisitheoir ceannasach” aon cheann díobh seo a leanas a eisíonn ionstraimí fiachais:
(ii)
Ballstát, lena n-áirítear roinn rialtais, gníomhaireacht nó feithicil sainchuspóra de chuid an Bhallstáit;
(iii)
i gcás Ballstáit cónaidhme, comhalta den chónaidhm;
(iv)
feithicil sainchuspóra i gcomhair roinnt Ballstát;
(v)
institiúid airgeadais idirnáisiúnta arna bunú ag dhá Bhallstát nó níos mó agus a bhfuil de chuspóir aici cistiúchán a shlógadh agus cúnamh airgeadais a sholáthar chun sochair a comhaltaí is comhaltaí a bhfuil fadhbanna móra maoinithe acu nó a bhfuil fadhbanna móra maoinithe ag bagairt orthu; nó
(vi)
an Banc Eorpach Infheistíochta;
(e)
ciallaíonn “babhtáil mainneachtana creidmheasa ceannasaí” babhtáil mainneachtana creidmheasa i gcás ina ndéanfar íocaíocht nó sochar eile a íoc i gcás teagmhais chreidmheasa nó mainneachtana creidmheasa a bhaineann le heisitheoir ceannasach;
(f)
ciallaíonn “fiachas ceannasach” ionstraim fiachais arna heisiúint ag eisitheoir ceannasach;
(g)
ciallaíonn “fiachas ceannasach eisithe” iomlán an fhiachais cheannasaigh arna eisiúint ag eisitheoir ceannasach, is fiachas ceannasach nach bhfuil fuascailte;
(h)
ciallaíonn “scairchaipiteal eisithe” i ndáil le cuideachta, iomlán na ngnáthscaireanna agus aon scaireanna tosaíochta arna n-eisiúint ag an gcuideachta ach ní fholaítear leis urrúis fiachais in-chomhshóite;
(i)
ciallaíonn “Ballstát baile”:
(i)
i ndáil le gnólacht infheistíochta de réir bhrí phointe (1) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE, nó maidir le margadh rialáilte de réir bhrí phointe (14) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE, an Ballstát baile de réir bhrí phointe (20) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE;
(ii)
i ndáil le hinstitiúid chreidmheasa, an Ballstát baile de réir bhrí phointe (7) d’Airteagal 4 de Threoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí creidmheasa agus an gnó sin a shaothrú (
1
);
(iii)
i ndáil le duine dlítheanach nach dtagraítear dó i bpointe (i) nó i bpointe (ii), an Ballstát ina bhfuil oifig chláraithe an duine sin nó, mura bhfuil oifig chláraithe aige, an Ballstát ina bhfuil a cheannoifig;
(iv)
i ndáil le duine nádúrtha, an Ballstát ina bhfuil ceannoifig an duine sin, nó, mura bhfuil ceannoifig ann, an Ballstát ina bhfuil sainchónaí ar an duine sin;
(j)
ciallaíonn “údarás inniúil ábhartha”:
(i)
i ndáil le fiachas ceannasach Ballstáit, nó, i gcás Ballstáit chónaidhme, i ndáil le fiachas ceannasach chomhalta den chónaidhm, nó maidir le babhtáil mainneachtana creidmheasa a bhaineann le Ballstát nó le comhalta de chónaidhm, údarás inniúil an Bhallstáit sin;
(ii)
i ndáil le fiachas ceannasach an Aontais nó le babhtáil mainneachtana creidmheasa a bhaineann leis an Aontas, údarás inniúil na dlínse ina bhfuil an roinn a bhfuil an fiachas á eisiúint aici;
(iii)
i ndáil le fiachas ceannasach roinnt Ballstát atá ag gníomhú trí bhíthin feithicle sainchuspóra nó trí bhabhtáil mainneachtana creidmheasa a bhaineann le feithicil sainchuspóra den sórt sin, údarás inniúil na dlínse ina bhfuil an fheithicil sainchuspóra bunaithe;
(iv)
i ndáil le fiachas ceannasach institiúide airgeadais idirnáisiúnta arna bunú ag dhá Bhallstát nó níos mó agus a bhfuil de chuspóir aici cistiúchán a shlógadh agus cúnamh airgeadais a sholáthar chun sochair a comhaltaí a bhfuil fadhbanna móra maoinithe acu nó a bhfuil fadhbanna móra maoinithe ag bagairt orthu, údarás inniúil na dlínse ina bhfuil an institiúid airgeadais idirnáisiúnta bunaithe;
(v)
i ndáil le hionstraim airgeadais seachas ionstraim dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (iv), an t-údarás inniúil maidir leis an ionstraim airgeadais sin mar a shainmhínítear i bpointe (7) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún (
2
) agus a chinntear i gcomhréir le Caibidil III den Rialachán sin;
(vi)
i ndáil le hionstraim airgeadais nach bhfuil folaithe faoi phointe (i) go pointe (v), údarás inniúil an Bhallstáit inar ligeadh an ionstraim airgeadais isteach den chéad uair chun a trádála ar ionad trádála;
(vii)
i ndáil le hionstraim fiachais arna heisiúint ag an mBanc Eorpach Infheistíochta, údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an Banc Eorpach Infheistíochta lonnaithe;
(k)
ciallaíonn “gníomhaíochtaí cruthaithe margaidh” gníomhaíochtaí gnólachta infheistíochta, institiúide creidmheasa, eintitis tríú tíortha, nó gnólachta mar a thagraítear di i bpointe (l) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2004/39/CE, is gnólacht atá ina chomhalta d’ionad trádála nó de mhargadh i dtríú tír, a bhfuil sé dearbhaithe ag an gCoimisiún ina leith go bhfuil a chreat dlíthiúil agus maoirseachta coibhéiseach de bhun Airteagal 17(2) i gcás ina ndéileálann sé mar phríomhaí in ionstraim airgeadais, cé acu a dhéantar an ionstraim a thrádáil ar ionad trádála nó lasmuigh d’ionad trádála, in aon cheann de na cáileanna seo a leanas:
(i)
trí bhíthin luachana daingne dhá bhealach ar mhéid inchomparáide agus ar phraghsanna iomaíocha a thabhairt le fios go comhuaineach, agus ar a mbeidh an toradh leachtacht a sholáthar ar bhonn rialta, leanúnach ar an margadh;
(ii)
mar chuid dá ghnó laethúil, trí orduithe arna dtionscnamh ag cliaint a chomhall nó mar fhreagairt ar iarrataí cliant chun trádála;
(iii)
trí shuíomhanna a eascraíonn as comhall na gcúraimí faoi phointe (i) agus faoi phointe (ii) a fhálú;
(l)
ciallaíonn “ionad trádála” margadh rialáilte de réir bhrí phointe (14) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE, nó saoráid trádála iltaobhaí de réir bhrí phointe (15) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE;
(m)
ciallaíonn “príomhionad” i ndáil le scair, an t-ionad le haghaidh thrádáil na scaire sin ar ionad é a bhfuil an láimhdeachas is airde aige;
(n)
ciallaíonn “príomhdhéileálaí údaraithe” duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil comhaontú áirithe sínithe aige le heisitheoir ceannasach nó atá aitheanta go foirmiúil mar phríomhdhéileálaí ag eisitheoir ceannasach nó thar ceann eisitheora cheannasaigh agus ar duine é, i gcomhréir leis an gcomhaontú nó leis an aitheantas sin, a bhfuil sé geallta aige déileáil mar phríomhaí i dtaca le hoibríochtaí an bhunmhargaidh agus an mhargaidh thánaistigh ar oibríochtaí iad a bhaineann le fiachas arna eisiúint ag an eisitheoir sin;
(o)
ciallaíonn “contrapháirtí lárnach” eintiteas dlítheanach a idirchuireann é féin idir na contrapháirtithe sna conarthaí a thrádáiltear i margadh airgeadais amháin nó níos mó, agus ar an dóigh sin gurb é an ceannaitheoir é do gach díoltóir agus gurb é an díoltóir é do gach ceannaitheoir agus gurb é atá freagrach as córas imréitigh áirithe a oibriú;
(p)
ciallaíonn “lá trádála” lá trádála mar a thagraítear dó in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006;
(q)
ciallaíonn “láimhdeachas” scaire láimhdeachas de réir bhrí phointe (9) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006.
|
|
Airteagal 2 2.
|
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 42 lena sonrófar na sainmhínithe a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, go háirithe lena sonrófar an tráth a meastar ina leith go bhfuil ionstraim airgeadais faoi úinéireacht duine nádúrtha nó dhlítheanaigh chun críocha an tsainmhínithe ar dhíol folamh i bpointe (b) de mhír 1.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|