+Airteagal 16 Díolúine i gcás ina bhfuil an príomhionad trádála i dtríú tír
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.
|
Airteagal 16 Díolúine i gcás ina bhfuil an príomhionad trádála i dtríú tír
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 16 1.
|
Ní bheidh feidhm ag Airteagail 5, 6, 12 agus 15 maidir le scaireanna cuideachta a ligtear isteach chun a dtrádála ar ionad trádála san Aontas i gcás ina bhfuil príomhionad trádála na scaireanna lonnaithe i dtríú tír.
|
|
Airteagal 16 2.
|
Déanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha do scaireanna cuideachta a thrádáiltear ar ionad trádála san Aontas agus ar ionad i dtríú tír cinneadh a dhéanamh, gach dara bliain ar a laghad, i dtaobh an bhfuil príomhionad trádála na scaireanna sin lonnaithe i dtríú tír. Tabharfaidh an t-údarás inniúil ábhartha fógra do ÚEUM faoi aon scaireanna den sórt sin a bhfuil sé aitheanta ina leith go bhfuil an príomhionad trádála lonnaithe i dtríú tír. Gach dhá bhliain, foilseoidh ÚEUM liosta na scaireanna dá bhfuil an príomhionad trádála lonnaithe i dtríú tír. Beidh éifeacht leis an liosta ar feadh tréimhse dhá bhliain.
|
|
Airteagal 16 3.
|
Chun a áirithiú go ndéanfar an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar an modh chun an láimhdeachas a ríomh chun an príomhionad trádála le haghaidh trádáil scaire a chinneadh. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2012. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 16 4.
|
Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 2, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun an méid seo a leanas a chinneadh:
(a)
an dáta a ndéanfar aon ríomh lena gcinnfear an príomhionad trádála le haghaidh scaire, agus an tréimhse lena mbainfidh aon ríomh den sórt sin;
(b)
an dáta faoina dtabharfaidh an t-údarás inniúil ábhartha fógra do ÚEUM faoi na scaireanna sin a bhfuil a bpríomhionad trádála i dtríú tír;
(c)
an dáta óna mbeidh éifeacht leis an liosta tar éis a fhoilsithe ag ÚEUM.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2012. Déantar an chumhacht a thabhairt don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|