+Airteagal 27 Comhordú á dhéanamh ag ÚEUM
---+Airteagal 27 1.
---+Airteagal 27 2.
---+Airteagal 27 3.
---+Airteagal 27 4.
|
Airteagal 27 Comhordú á dhéanamh ag ÚEUM
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 27 1.
|
Beidh ról éascaithe agus comhordaithe ag ÚEUM maidir le bearta arna ndéanamh ag údaráis inniúla faoi Roinn 1. Áiritheoidh ÚEUM, go háirithe, go nglacfaidh na húdaráis inniúla cur chuige comhsheasmhach maidir leis na bearta arna ndéanamh, go háirithe i dtaobh cás inar gá leas a bhaint as cumhachtaí idirghabhála, cineál aon bheart arna bhforchur agus tosach feidhme agus ré beart den sórt sin.
|
|
Airteagal 27 2.
|
Tar éis fógra a fháil faoi Airteagal 26 maidir le haon bheart a bheidh le forchur nó le hathnuachan faoi Airteagail 18, 19, 20 nó 21, déanfaidh ÚEUM tuairim a eisiúint, laistigh de 24 uaire an chloig, i dtaobh an measann sé an bhfuil gá leis an mbeart nó leis an mbeart a thograítear chun aghaidh a thabhairt ar dhálaí eisceachtúla. Luafar sa tuairim an measann ÚEUM go bhfuil teagmhais dhochracha tar éis tarlú, nó go bhfuil forbairtí tagtha chun cinn, atá ina mbagairt tromchúiseach ar chobhsaíocht airgeadais nó ar mhuinín an mhargaidh i mBallstát amháin nó níos mó, an measann sé gur beart iomchuí, comhréireach é an beart nó an beart a thograítear chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin agus an measann sé go bhfuil údar maith leis an ré a thograítear d’aon bheart den sórt sin. Má mheasann ÚEUM gur gá do na húdaráis inniúla eile aon bheart a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt, luafaidh sé an méid sin freisin ina thuairim. Foilseofar an tuairim ar láithreán gréasáin ÚEUM.
|
|
Airteagal 27 3.
|
I gcás ina dtograíonn údarás inniúil bearta a dhéanamh atá contrártha do thuairim ó ÚEUM faoi mhír 2 nó ina ndéanann sé bearta den sórt sin, nó i gcás ina ndiúltaíonn sé bearta a dhéanamh rud atá contrártha do thuairim ó ÚEUM faoin mír sin, foilseoidh sé fógra ina dtugtar míniú ar shlí iomlán ar na cúiseanna atá aige le déanamh amhlaidh ar a láithreán gréasáin laistigh de 24 uaire an chloig ón tuairim ó ÚEUM a fháil. I gcás den sórt sin, déanfaidh ÚEUM breithniú i dtaobh an bhfuil na coinníollacha comhlíonta agus an cás iomchuí é chun leas a bhaint as a chuid cumhachtaí idirghabhála faoi Airteagal 28.
|
|
Airteagal 27 4.
|
Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar bhearta a dhéantar faoin Airteagal seo go rialta, agus in aon chás déanfar an t-athbhreithniú gach trí mhí ar a laghad. Mura ndéantar an beart a athnuachan faoi dheireadh thréimhse trí mhí den sórt sin, rachaidh sé in éag go huathoibríoch.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|