|
+Airteagal 28 1. |
Airteagal 28 1.I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, déanfaidh ÚEUM, faoi réir mhír 2 den Airteagal seo, ceachtar acu seo a leanas:
(a)
a cheangal ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil glansuíomhanna gearra acu maidir le hionstraim airgeadais shonrach nó le haicme shonrach d’ionstraimí airgeadais fógra a thabhairt d’údarás inniúil nó mionsonraí ar aon suíomh den sórt sin a nochtadh don phobal; nó
(b)
toirmeasc a chur ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha díol folamh a dhéanamh nó idirbheart a dhéanamh, nó coinníollacha a fhorchur ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha i dtaca le díol folamh a dhéanamh nó idirbheart a dhéanamh, trína gcruthaítear ionstraim airgeadais seachas ionstraimí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 1(1), nó a bhaineann le hionstraim airgeadais den sórt sin, i gcás inarb é an éifeacht nó ceann de na héifeachtaí atá ag an idirbheart sin buntáiste airgeadais a thabhairt do dhuine den sórt sin i gcás ina dtarlaíonn laghdú praghais nó luacha ionstraime airgeadais eile. Féadfaidh feidhm a bheith ag beart i ndálaí áirithe nó féadfaidh sé a bheith faoi réir eisceachtaí a bheidh sonraithe ag ÚEUM. Féadfar eisceachtaí a shonrú go háirithe chun feidhm a bheith acu maidir le gníomhaíochtaí cruthaithe margaidh agus le gníomhaíochtaí an bhunmhargaidh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|