|
+Airteagal 36d 3. |
Airteagal 36d 3.Beidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a ghearrtar de bhun Airteagal 36a agus Airteagal 36b infhorfheidhmithe. Déanfar forfheidhmiú a rialú leis na rialacha nós imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Stát ar ina chríoch a dhéantar an forfheidhmiú. Maidir leis an ordú chun forfheidhmiú a dhéanamh, déanfar é a chur i gceangal leis an gcinneadh gan aon fhoirmiúlacht eile seachas barántúlacht an chinnidh a fhíorú ag an údarás a bheidh ainmnithe chuige sin ag rialtas gach Ballstáit, ar údarás é a chuirfidh rialtas gach Ballstáit ÚEUM agus Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar an eolas ina leith. Nuair atá na foirmiúlachtaí sin curtha i gcrích, ar iarratas ón bpáirtí lena mbaineann, féadfaidh an páirtí sin dul i mbun an fhorfheidhmiúcháin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an chomlachta inniúil. Ní fhéadfar forfheidhmiúchán a fhionraí ach amháin trí bhreith ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit lena mbaineann, áfach, i dtaca le gearáin á rá go bhfuil an forfheidhmiúchán á chur i gcrích ar dhóigh neamhrialta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|