+Airteagal 15 Cód iompair
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.
---+Airteagal 15 5.
---+Airteagal 15 6.
|
Airteagal 15 Cód iompair
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1.
|
I gcás ina bhfuil tagarmharc bunaithe ar shonraí ionchuir ó rannchuiditheoirí, déanfaidh riarthóir an tagarmhairc sin cód iompair a fhorbairt do gach tagarmharc ina sonrófar go soileir freagrachtaí na rannchuiditheoirí i ndáil le sonraí ionchuir a rannchuidiú agus áiritheoidh sé go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag cód iompair den sórt sin. Beidh an riarthóir deimhin de go bhfuil na rannchuiditheoirí ag cloí leis an gcód iompair ar bhonn leanúnach agus go bliantúil ar a laghad i gcás athruithe air.
|
|
Airteagal 15 2.
|
Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad sa chód iompair:
(a)
tuairisc shoiléir ar na sonraí ionchuir a bheidh le soláthar agus na ceanglais is gá chun a áirithiú go bhfuil sonraí ionchuir á soláthar i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 14;
(b)
na daoine a fhéadfaidh sonraí ionchuir a rannchuidiú leis an riarthóir a aithint agus na nósanna imeachta chun céannacht rannchuiditheora agus aon aighnitheoirí a fhíorú, chomh maith le húdarú aon aighnitheoirí a rannchuidíonn sonraí ionchuir thar ceann an rannchuiditheora;
(c)
beartais chun a áirithiú go soláthraíonn rannchuiditheoir na sonraí ionchuir ábhartha ar fad;
(d)
na córais agus na rialuithe nach mór do rannchuiditheoir a bhunú, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
(i)
nósanna imeachta chun sonraí ionchuir a rannchuidiú, lena n-áirítear ceanglais ar an rannchuiditheoir a shonrú an sonraí idirbhirt iad na sonraí ionchuir agus i dtaobh an bhfuil riachtanais an riarthóra á gcomhlíonadh ag sonraí ionchuir;
(ii)
beartais maidir le húsáid lánrogha agus sonraí ionchuir á rannchuidiú;
(iii)
aon cheanglas a bhaineann le sonraí ionchuir a bhailíochtú sula gcuirtear ar fáil don riarthóir iad;
(iv)
beartais coimeádta taifead;
(v)
ceanglais maidir tuairisciú a bhaineann le sonraí ionchuir amhrasta;
(vi)
ceanglais a bhaineann le coinbhleachtaí leasa a bhainistiú.
|
|
Airteagal 15 3.
|
Féadfaidh riarthóirí cód iompair aonair a fhorbairt do gach fine tagarmharcanna a sholathraíonn siad.
|
|
Airteagal 15 4.
|
I gcás ina dtiocfaidh údarás inniúil ábhartha, agus na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 41 á n-úsáid aige, ar eilimintí de chuid cóid nach bhfuil i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo, tabharfaidh sé fógra don riarthóir lena mbaineann maidir leis an méid sin. Laistigh de 30 lá ó fhógra den sórt sin a fháil, déanfaidh an riarthóir coigeartú ar an gcód iompair chun a áirithiú go gcomhlíonann sé an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 15 5.
|
Laistigh de 15 lá oibre ó dháta chur i bhfeidhm an chinnidh maidir le tagarmharc criticiúil a chur san áireamh sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 20(1), tabharfaidh riarthóir an tagarmhairc chriticiúil sin fógra faoin gcód iompair don údarás inniúil ábhartha. Laistigh de 30 lá, fíoróidh an t-údarás inniúil ábhartha an gcomhlíonann inneachar an chóid iompair an Rialachán seo. I gcás ina dtiocfaidh an t-údarás inniúil ar eilimintí nach gcomhlíonann an Rialachán seo, beidh feidhm ag mír 4 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 15 6.
|
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun gnéithe an chóid iompair dá dtagraítear i mír 2 a shonrú tuilleadh do chineálacha éagsúla tagarmharcanna, agus chun forbairtí i ndáil le tagarmharcanna agus margaí airgeadais a chur an áireamh. Cuirfidh ÚEUM saintréithe éagsúla tagarmharcanna agus rannchuiditheoirí san áireamh, go háirithe ó thaobh difríochtaí sna sonraí ionchuir agus sna modheolaíochtaí, an baol go ndéanfar cúbláil ar na sonraí ionchuir agus cóineasú idirnáisiúnta ar chleachtas maoirseachta i ndáil le tagarmharcanna. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|