+Airteagal 20 Tagarmharcanna criticiúla
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 1a.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
---+Airteagal 20 4.
---+Airteagal 20 5.
---+Airteagal 20 6.
|
Airteagal 20 Tagarmharcanna criticiúla
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 20 1.
|
Déanfaidh an Coimisiún, gach dhá bhliain ar a laghad, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(2) chun liosta de thagarmharcanna, arna soláthar ag riarthóirí atá lonnaithe laistigh den Aontas agus ar tagarmharcanna criticiúla iad, a bhunú agus a athbhreithniú, ar choinníoll go gcomhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
go n-úsáidtear an tagarmharc go díreach nó go hindíreach i dteaglaim de thagarmharcanna mar thagairt le haghaidh ionstraimí airgeadais nó conarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta, ag a bhfuil luach iomlán de EUR 500 billiún ar a laghad, a thomhas ar bhonn raon iomlán aibíochtaí nó éirimí an tagarmhairc, i gcás inarb infheidhme;
(b)
go bhfuil an tagarmharc bunaithe ar aighneachtaí ó rannchuiditheoirí a bhfuil a bhformhór suite i mBallstát amháin agus go n-aithnítear é a bheith criticiúil sa Bhallstát sin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i míreanna 2, 3, 4 agus 5 den Airteagal seo;
(c)
go gcomhlíonann an tagarmharc na critéir uile seo a leanas:
(i)
go n-úsáidtear an tagarmharc go díreach nó go hindíreach i dteaglaim de thagarmharcanna mar thagairt le haghaidh ionstraimí airgeadais nó conarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta, ag a bhfuil luach iomlán de EUR 400 billiún ar a laghad, a thomhas ar bhonn raon iomlán aibíochtaí nó éirimí an tagarmhairc, i gcás inarb infheidhme, ach gan dul thar an luach dá bhforáiltear i bpointe (a);
(ii)
nach bhfuil ionadaithe oiriúnacha ar bith faoi stiúir an mhargaidh ag an tagarmharc, nó gur fíorbheagán ionadaithe den sórt sin atá aige;
(iii)
i gcás ina scoireann an tagarmharc de bheith á sholáthar nó gur ar bhonn sonraí ionchuir nach bhfuil lán-ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch nó gur ar bhonn sonraí ionchuir neamhiontaofa a sholáthraítear é, bheadh tionchair shuntasacha agus dhochracha ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach nó gnóthas i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit.
Más rud é go gcomhlíonann tagarmharc na critéir a leagtar amach i bpointe (c)(ii) agus (iii) ach nach gcomhlíonann sé an critéar a leagtar amach i bpointe (c)(i), féadfaidh údarás inniúil na mBallstát lena mbaineann in éineacht le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an riarthóir bunaithe comhaontú gur cheart tagarmharc den sórt sin a aithint mar thagarmharc criticiúil faoin bhofmhír seo. I gcás ar bith, rachaidh údarás inniúil an riarthóra i gcomhairle le húdaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann.I gcás easaontas idir na húdaráis inniúla, déanfaidh údarás inniúil an riarthóra cinneadh i dtaobh ar cheart an tagarmharc a aithint mar thagarmharc criticiúil faoin bhfomhír seo, agus na cúiseanna don easaontas á gcur san áireamh. Déanfaidh na húdaráis inniúla nó, i gcás easaontais, údarás inniúil an riarthóra, an measúnú a tharchur chuig an gCoimisiún. Tar éis dó an measúnú a fháil, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an mír seo. Ina theannta sin, i gcás easaontais, déanfaidh údarás inniúil an riarthóra a mheasúnú a tharchur chuig ÚEUM a fhéadfaidh tuairim a fhoilsiú.
|
|
Airteagal 20 1a.
|
I gcás ina measann ÚEUM go gcomhlíonann tagarmharc na critéir go léir a leagtar amach i bpointe (c) de mhír 1, cuirfidh sé iarraidh dhoiciméadaithe ar ainmniú faoi bhráid an Choimisiúin an tagarmharc sin a aithint mar thagarmharc criticiúil. Tar éis dó an iarraidh doiciméadaithe sin a fháil, déanfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le mír 1. Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar a mheasúnú ar chriticiúlacht an tagarmhairc gach dhá bhliain ar a annaimhe, agus tabharfaidh sé fógra faoin measúnú don Choimisiún agus tarchuirfidh sé chuige é.
|
|
Airteagal 20 2.
|
I gcás ina measfaidh údarás inniúil de chuid Ballstáit dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 go soláthraíonn riarthóir faoina mhaoirseacht tagarmharc ar cheart é a aithint mar thagarmharc criticiúil, tabharfaidh sé fógra d'ÚEUM agus tarchuirfidh sé measúnú doiciméadach chuig ÚEUM.
|
|
Airteagal 20 3.
|
Chun críocha mhír 2, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú i dtaobh scor an tagarmhairc nó soláthar an tagarmhairc ar bhonn sonraí ionchuir nó painéal rannchuiditheoirí nach bhfuil ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch, an mbeadh tionchar dochrach aige sin ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnóthas ina Bhallstát. Cuirfidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas san áireamh ina mheasúnú:
(a)
luach na n-ionstraimí airgeadais agus na gconarthaí airgeadais a dhéanann tagairt don tagarmharc agus luach na gcistí infheistíochta a dhéanann tagairt don tagarmharc chun a bhfeidhmíocht laistigh den Bhallstát a thomhas agus a n-ábharthacht maidir le luach iomlán na n-ionstraimí airgeadais agus na gconarthaí airgeadais gan íoc sa Bhallstát;
(b)
luach na n-ionstraimí airgeadais agus na gconarthaí airgeadais a dhéanann tagairt don tagarmharc agus luach na gcistí infheistíochta a dhéanann tagairt don tagarmharc chun a bhfeidhmíocht laistigh den Bhallstát a thomhas agus a ábharthacht maidir le holltáirgeacht náisiúnta an Bhallstáit;
(c)
aon fhigiúr eile chun measúnú a dhéanamh ar bhonn oibiachtúil ar thionchar féideartha ar neamhleanúnachas nó ar neamhiontaofacht an tagarmhairc ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnóthas sa Bhallstát.
Déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú ar chriticiúlacht an tagarmhairc gach dhá bhliain ar a laghad, agus tabharfaidh sé fógra faoin measúnú nua d'ÚEUM agus tarchuirfidh sé chuige é.
|
|
Airteagal 20 4.
|
Laistigh de shé seachtaine tar éis dó an fógra dá dtagraítear i mír 2 a fháil, eiseoidh ÚEUM tuairim i dtaobh an gcomhlíonann measúnú an údaráis inniúil ceanglais mhír 3 agus tarchuirfidh sé tuairim den sórt sin chuig an gCoimisiún, mar aon le measúnú an údaráis inniúil.
|
|
Airteagal 20 5.
|
Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó an tuairim dá dtagraítear i mír 4 a fháil, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le mír 1.
|
|
Airteagal 20 6.
|
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
a shonrú conas a dhéanfar méid ainmniúil ionstraimí airgeadais, seachas díorthaigh, méid barúlach díorthach agus glanluach sócmhainní cistí infheistíochta a mheasúnú, lena n-áirítear i gcás tagairt indíreach do thagarmharc laistigh de theaglaim de thagarmharcanna, chun iad a chur i gcomparáid leis na tairseacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus i bpointe (a) d'Airteagal 24(1);
(b)
athbhreithniú a dhéanamh ar an modh ríofa a úsáidtear chun na tairseacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chinneadh i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus i bpraghsanna agus i bhfianaise forbairtí rialála chomh maith le hoiriúnacht aicmiú tagarmharcanna ag a bhfuil luach iomlán ionstraimí airgeadais, conarthaí airgeadais, nó cistí infheistíochta a dhéanann tagairt dóibh atá gar do na tairseacha; tarlóidh athbhreithniú den sórt sin gach dhá bhliain ar a laghad amhail ón 1 Eanáir 2018;
(c)
a shonrú conas na critéir dá dtagraítear i bpointe (c)(iii) de mhír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm, agus aon sonraí lena ligtear measúnú a dhéanamh ar fhorais oibiachtúla ar thionchar féidearthach neamhleanúnachas nó neamhiontaofacht an tagarmhairc ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar nó ar mhaoiniú teaghlach nó gnóthas i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit á chur san áireamh.
I gcás inarb infheidhme, cuirfidh an Coimisiún san áireamh forbairtí ábhartha margaidh nó teicneolaíochta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|