|
+Airteagal 28a 1. |
Airteagal 28a 1.Ón 10 Eanáir 2028, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(5), Airteagal 11(1), pointe (c), Airteagail 12(3), 13(1), 25(7), 26(3), 27(1) agus 28(1) den Rialachán seo á poibliú aige, déanfaidh an riarthóir an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
14
). Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
(a)
déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;
(b)
beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)
ainmneacha uile an riarthóra lena mbaineann an fhaisnéis;
(ii)
i gcás daoine dlítheanacha, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an riarthóra, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) …/…+;
(iii)
i gcás daoine dlítheanacha, méid an riarthóra de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;
(iv)
an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
(v)
léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|