+Airteagal 41 Cumhachtaí na n-údarás inniúil
---+Airteagal 41 1.
---+Airteagal 41 2.
---+Airteagal 41 3.
---+Airteagal 41 4.
|
Airteagal 41 Cumhachtaí na n-údarás inniúil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 41 1.
|
Chun a ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, beidh ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 40(2) na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha seo a leanas ar a laghad, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:
▼B
(a)
rochtain a bheith acu ar dhoiciméad agus ar shonraí eile ar bith i bhfoirm ar bith agus cóip de a fháil nó a dhéanamh;
(b)
faisnéis a iarraidh nó a éileamh ó dhuine ar bith a bhfuil baint aige nó aici le soláthar tagarmhairc agus le rannchuidiú le tagarmharc, lena n-áirítear aon soláthróir seirbhíse chuig a mbeidh feidhmeanna, seirbhísí nó gníomhaíochtaí maidir le soláthar tagamhairc seachfhoinsithe amhail dá bhforáiltear in Airteagal 10, chomh maith lena gcuid príomhaithe, agus más gá, aon duine den sórt sin a thoghairm agus a cheistiú d'fhonn faisnéis a fháil;
(c)
faisnéis a iarraidh, maidir le tagarmharcanna tráchtearraí, ó rannchuiditheoirí faoi spotmhargaí gaolmhara de réir, i gcás inarb infheidhme, formáidí caighdeánaithe agus tuarascálacha ar idirbhearta, agus rochtain dhíreach a bheith acu ar chórais trádálaithe;
(d)
cigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair a dhéanamh, ag suímh seachas áiteanna cónaithe príobháideacha daoine nádúrtha;
(e)
dul isteach in áitribh daoine dlítheanacha, gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, chun doiciméid agus sonraí eile i bhformáid ar bith a urghabháil, nuair atá amhras réasúnta ann gur ann do dhoiciméid agus sonraí eile a bhaineann le hábhar na cigireachta nó an imscrúdaithe a d'fhéadfadh a bheith ábhartha chun sárú ar an Rialachán seo a chruthú. I gcás ina bhfuil réamhúdarú ag teastáil ó údarás breithiúnach an Bhallstáit lena mbaineann, i gcomhréir leis an dlí naisiúnta, is tar éis an réamhúdarú sin a fháil amháin a úsáidfear cumhacht den sórt sin;
(f)
ceangal a chur maidir le taifid de chomhráite teileafóin, cumarsáidí leictreonacha nó taifid tráchta sonraí eile atá ann cheana agus atá i seilbh eintitis faoi mhaoirseacht;
(g)
calcadh nó forlámhú sócmhainní a iarraidh, nó an dá cheann;
(h)
ceangal a chur go scoirfí go sealadach aon chleachtas a mheasann an t-údarás inniúil a bheith mar shárú ar an Rialachán seo;
(i)
toirmeasc sealadach a fhorchur ar ghníomhaíocht ghairmiúil a chleachtadh;
(j)
gach beart is gá a ghlacadh lena áirithiú go bhfuil eolas cruinn ag an bpobal ar sholáthar tagarmhairc, lena n-áirítear trína cheangal ar an riarthóir ábhartha nó ar dhuine a d'fhoilsigh nó a scaip an tagarmharc, nó a cheangal orthu araon, ráiteas ceartaitheach a fhoilsiú maidir le rannchuidithe don tagarmharc roimhe seo nó maidir le figiúirí an tagarmhairc;
▼M6
(k)
tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc suntasach de bhun Airteagal 24(3);
(l)
i gcás forais réasúnacha le bheith in amhras faoi shárú ar aon cheann de na ceanglais a leagtar síos i gCaibidil 3A de Theideal III, ceangal a chur go scoirfidh riarthóir de na nithe seo a leanas a dhéanamh go ceann uastréimhse 12 mhí:
(i)
Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a sholáthar;
(ii)
úsáid a bhaint as na téarmaí Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras in ainmneacha na dtagarmharcanna a chuireann sé ar fáil lena n-úsáid san Aontas, nó sa doiciméadacht dhlíthiúil nó mhargaíochta le haghaidh na dtagarmharcanna sin;
(iii)
a thabhairt le fios go gcomhlíonfar na ceanglais is infheidhme maidir le soláthar na dtagarmharcanna sin in ainm na dtagarmharcanna a chuireann sé ar fáil lena n-úsáid san Aontas, nó sa doiciméadacht dhlíthiúil nó mhargaíochta le haghaidh na dtagarmharcanna sin.
|
|
Airteagal 41 2.
|
Feidhmeoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 40(2) a bhfeidhmeanna agus a gcumhachtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus na cumhachtaí chun smachtbhannaí a fhorchur dá dtagraítear in Airteagal 42, i gcomhréir lena gcreataí dlíthiúla náisiúnta, ar aon cheann de na slite seo leanas:
▼B
(b)
i gcomhoibriú le húdaráis eile nó le gnóthais sa mhargadh;
(c)
faoina bhfreagracht trí tharmligean chuig na húdaráis sin nó chuig gnóthais sa mhargadh;
(d)
trí iarratas a dhéanamh chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.
Chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, cuirfidh údaráis inniúla coimircí leormhaithe agus éifeachtúla i bhfeidhm maidir leis an gceart chun cosaint a fháil agus maidir le cearta bunúsacha.
|
|
Airteagal 41 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha ar fad a theastaíonn uathu ag údaráis inniúla chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 41 4.
|
Riarthóir nó an eintiteas eile faoi mhaoirseacht a chuireann faisnéis ar fáil d'údarás inniúil i gcomhréir le mír 1, ní mheasfar go bhfuil siad ag sárú srian ar bith maidir le nochtadh faisnéise a fhorchuirtear le haon fhoráil chonarthach, reachtach, rialála nó riaracháin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|