+Airteagal 45 Cinntí a fhoilsiú
---+Airteagal 45 1.
---+Airteagal 45 2.
---+Airteagal 45 3.
---+Airteagal 45 4.
---+Airteagal 45 5.
|
Airteagal 45 Cinntí a fhoilsiú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 45 1.
|
Faoi réir mhír 2, déanfaidh údarás inniúil aon chinneadh lena bhforchuirtear smachtbhanna riaracháin nó beart riaracháin eile i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin oifigiúil díreach tar éis don fhógra faoin gcinneadh sin a bheith tugtha don duine is ábhar don chinneadh sin. Áireofar i bhfoilsiú den sórt sin, ar a laghad, faisnéis maidir le cineál agus nádúr an tsáraithe, mar aon le céannacht na ndaoine is ábhar don chinneadh. Níl feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le cinntí lena bhforchuirtear bearta ar bearta de chineál imscrúdaitheach iad.
|
|
Airteagal 45 2.
|
I gcás ina measann údarás inniúil go mbeadh foilsiú chéannacht an duine dhlítheanaigh, nó foilsiú sonraí pearsanta duine nádúrtha, míréireach tar éis measúnú cás ar chás a dhéanamh ar chomhréireacht fhoilsiú na sonraí sin, nó i gcás ina gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú atá idir lámha i mbaol le foilsiú den sórt sin, déanfaidh an t-údarás inniúil aon cheann de na nithe seo a leanas:
(a)
foilsiú an chinnidh a iarchur go dtí an tráth nach ann a thuilleadh do na cúiseanna leis an iarchur sin;
(b)
an cinneadh a fhoilsiú i ndíth ainm i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, má áirithítear cosaint éifeachtach ar na sonraí pearsanta lena mbaineann le foilsiú i ndíth ainm den sórt sin.
(c)
gan an cinneadh a fhoilsiú ar chor ar bith i gcás gurb é tuairim an údaráis inniúil go mbeidh foilsiú i gcomhréir le pointe (a) nó le pointe (b) neamhleor chun a áirithiú:
(i)
nach gcuirtear cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol; nó
(ii)
go bhfuil foilsiú na gcinntí sin comhréireach a mhéid a bhaineann le bearta a meastar gur bearta miona ó thaobh a nádúir iad.
I gcás ina gcinneann údarás inniúil cinneadh a fhoilsiú i ndíth ainm amhail dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh sé foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar go ceann tréimhse ama réasúnach i gcás ina bhfuil sé intuartha go scoirfidh na cúiseanna atá le foilsiú i ndíth ainm de bheith ann i rith na tréimhse sin.
|
|
Airteagal 45 3.
|
I gcás ina bhfuil an cinneadh faoi réir achomharc os comhair údarás náisiúnta breithiúnach, údarás náisiúnta riaracháin nó údarás náisiúnta eile, déanfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis sin agus aon fhaisnéis ina dhiaidh sin faoi thoradh achomhairc den sórt sin a fhoilsiú, láithreach, ar a shuíomh gréasáin oifigiúil. Foilseofar aon chinneadh lena gcuirtear cinneadh roimhe sin maidir le smachtbhanna nó beart a fhorchur ar neamhní.
|
|
Airteagal 45 4.
|
Áiritheoidh an t-údarás inniúil go mbeidh aon chinneadh a fhoilsítear i gcomhréir leis an Airteagal seo inrochtana ar a shuíomh gréasáin ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad tar éis a fhoilsithe. Sonraí pearsanta a bheidh san fhoilsiú, ní choinneofar ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil iad ach ar feadh na tréimhse atá riachtanach i gcomhréir leis na rialacha infheidhme cosanta sonraí.
|
|
Airteagal 45 5.
|
Cuirfidh na Ballstáit faisnéis chomhiomlán maidir leis na smachtbhannaí riaracháin uile agus maidir le bearta riaracháin eile arna bhforchur de bhun Airteagal 42 ar fáil do ÚEUM ar bhonn bliantúil. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le bearta de chineál imscrúdaitheach. Foilseoidh ÚEUM an fhaisnéis sin i dtuarascáil bhliantúil, mar aon le faisnéis chomhiomlán maidir leis na smachtbhannaí riaracháin uile agus maidir le bearta riaracháin eile a d’fhorchuir sé de bhun Airteagal 48f. I gcás inar roghnaigh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 42, smachtbhannaí coiriúla a leagan síos do sháruithe ar na forálacha dá dtagraítear san Airteagal sin, cuirfidh a n-údaráis inniúla sonraí comhiomlánaithe agus i ndíth ainm maidir leis na himscrúduithe coiriúla uile a rinneadh agus na smachtbhannaí coiriúla uile a forchuireadh ar fáil d'ÚEUM ar bhonn bliantúil. Déanfaidh ÚEUM sonraí i dtaobh smachtbhannaí coiriúla arna bhforchur a fhoilsiú i dtuarascáil bhliantúil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|