|
+Airteagal 4a 1. |
Airteagal 4a 1.Féadfaidh bainisteoir ar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach dul i mbun gníomhaíochtaí réamh-mhargaíochta san Aontas, ach amháin sa chás go mbaineann an méid a leanas leis an bhfaisnéis arna cur i láthair d'infheisteoirí féideartha:
(a)
cuireann sí ar chumas infheisteoirí gealltanas a thabhairt aonaid nó scaireanna de chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach áirithe a fháil;
(b)
is ionann í agus foirmeacha suibscríbhinne nó doiciméid chomhchosúla i bhfoirm dréachta nó i bhfoirm dheiridh; nó
(c)
is ionann í agus doiciméid chomhdhéanaimh, réamheolaire nó doiciméid tairisceana, ina bhfoirmeacha deiridh, de chuid ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nár bunaíodh fós. I gcás ina gcuirtear dréacht-réamheolaire nó doiciméid tairisceana ar fáil, nach gcuimsítear iontu faisnéis leordhóthanach, rud a chuirfidh ar chumas infheisteoirí cinneadh infheistíochta a dhéanamh agus luafar go soiléir an méid seo a leanas:
(a)
ní hionann iad agus tairiscint nó cuireadh chun suibscríbhinn a ghlacadh in aonaid ná i scaireanna i gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach; agus
(b)
níor cheart a bheith ag brath ar an bhfaisnéis atá sna doiciméid sin ós rud é gur faisnéis neamhiomlán í agus go bhféadfadh athrú teacht uirthi. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|