+Airteagal 9
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.
---+Airteagal 9 5.
|
Airteagal 9
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1.
|
Déanfaidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha coinbhleachtaí leasa a shainaithint agus a sheachaint agus, i gcás nach féidir iad a sheachaint, déanfaidh siad bainistíocht agus faireachán orthu agus, i gcomhréir le mír 4, nochtfaidh siad na coinbhleachtaí leasa sin go pras lena áirithiú nach ndéanfaidh siad dochar díobhálach do leasanna na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus na hinfheisteoirí iontu agus go ndéileáiltear go cothrom leis na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha atá á mbainistiú acu.
|
|
Airteagal 9 2.
|
Aithneoidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, go háirithe, na coinbhleachtaí leasa sin a d’fhéadfadh teacht chun cinn idir:
(a)
bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, daoine a dhéanann gnó na mbainisteoirí sin a sheoladh go héifeachtach, fostaithe na mbainisteoirí sin nó aon duine a bhfuil na bainisteoirí sin faoi rialú aige nó atá rialaithe acu, go díreach nó go hindíreach, agus na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a bhainistíonn na bainisteoirí sin nó na hinfheisteoirí iontu;
(b)
ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nó na hinfheisteoirí ann, agus ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach eile atá á bhainistiú ag an mbainisteoir céanna, nó na hinfheisteoirí ann;
(c)
an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nó na hinfheisteoirí ann, agus gnóthas comhinfheistíochta nó GCUI atá á mbainistiú ag an mbainisteoir céanna nó na hinfheisteoirí ann.
|
|
Airteagal 9 3.
|
Déanfaidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha socruithe éifeachtacha eagraíochtúla agus riaracháin a chothabháil agus a oibriú chun na ceanglais a leagtar síos i mír 1 agus mír 2 a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 9 4.
|
Déanfar coinbhleachtaí leasa a nochtadh mar a thagraítear dó i mír 1, i gcás nach leor na socruithe eagraíochtúla a rinne bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach chun coinbhleachtaí leasa a aithint, a chosc, agus a bhainistiú, agus faireachán á dhéanamh orthu lena áirithiú, le muinín réasúnta, go mbeidh cosc ar an mbaol damáiste do leasanna na n-infheisteoirí. Déanfaidh bainisteoir um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheach nádúr ginearálta nó foinsí na gcoinbhleachtaí leasa a nochtadh go soiléir do na hinfheisteoirí sula ndéanfaidh siad gnó a riaradh thar a gceann.
|
|
Airteagal 9 5.
|
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 agus sonrófar iontu:
(a)
na cineálacha coinbhleachtaí leasa dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo;
(b)
na céimeanna a ghlacfaidh bainisteoirí um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, i dtéarmaí na struchtúr agus nósanna imeachta eagraíochtúla agus riaracháin, chun coinbhleachtaí leasa a aithint, a chosc agus a bhainistiú, agus faireachán á dhéanamh orthu agus chun iad a nochtadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|