+Airteagal 26
---+Airteagal 26 1.
---+Airteagal 26 2.
---+Airteagal 26 3.
---+Airteagal 26 4.
---+Airteagal 26 5.
|
Airteagal 26
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 26 1.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.
|
|
Airteagal 26 2.
|
Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(2), in Airteagal 9(5), in Airteagal 10(2) agus in Airteagal 14(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse ceithre bliana ón 15 Bealtaine 2013. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an tarmligean cumhachtaí a tharraingt suas tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse ceithre bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go ndéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne fadaithe den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
|
|
Airteagal 26 3.
|
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(2), in Airteagal 9(5), in Airteagal 10(2) agus in Airteagal 14(4) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
|
|
Airteagal 26 4.
|
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
|
|
Airteagal 26 5.
|
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 3(2), Airteagal 9(5), Airteagal 10(2) nó Airteagal 14(4) i bhfeidhm ach i gcás nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse trí mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, i gcás inar chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún roimh dhul in éag don tréimhse sin, nach gcuirfidh siad i gcoinne an ghnímh. Cuirfear trí mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|