+Airteagal 28 Inneachar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU
---+Airteagal 28 1.
---+Airteagal 28 2.
---+Airteagal 28 3.
---+Airteagal 28 4.
---+Airteagal 28 5.
|
Airteagal 28 Inneachar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 28 1.
|
Beidh an teideal “Doiciméad Faisnéise Bunriachtanaí TPPU” le feiceáil go soiléir ar bharr an chéad leathanaigh den doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU. Cuirfear an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU i láthair san ord a leagtar síos i mír 2 agus i mír 3.
|
|
Airteagal 28 2.
|
Beidh ráiteas míniúcháin go díreach faoin teideal. Is é a bheidh ann ná:
“Sa doiciméad seo, tugtar duit faisnéis bhunriachtanach faoin Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach (TPPU) seo. Ní ábhar margaíochta atá ann. Ceanglaítear leis an dlí an fhaisnéis a thabhairt chun cabhrú leat cineál an táirge, na rioscaí, na costais, na gnóthachain agus na caillteanais fhéideartha a bhaineann leis an táirge pinsin phearsanta seo a thuiscint agus chun cabhrú leat comparáid a dhéanamh idir an táirge sin agus TPPUnna eile.”
|
|
Airteagal 28 3.
|
Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU:
(a)
ag tús an doiciméid: ainm an TPPU, cibé acu an TPPU Bunúsach é nó nach ea, céannacht agus sonraí teagmhála an tsoláthraí TPPUnna, faisnéis faoi údaráis inniúla an tsoláthraí TPPUnna, uimhir chlárúcháin an TPPU sa chlár lárnach poiblí agus dáta an doiciméid;
(b)
an ráiteas: “Táirge fadtéarmach ag a bhfuil infhuascailteacht theoranta nach féidir a fhoirceannadh am ar bith is ea an táirge scoir ar a bhfuil tuairisc sa doiciméad seo.”;
(c)
faoi roinn dar teideal “Cad é an táirge seo?”, cineál an TPPU agus a phríomhghnéithe, lena n-áirítear:
(i)
a chuspóirí fadtéarmacha agus na modhanna lena mbaint amach, go háirithe cibé an mbaintear na cuspóirí amach trí bhíthin neamhchosaint dhíreach nó indíreach ar na sócmhainní foluiteacha infheistíochta, lena n-áirítear tuairisc ar na hionstraimí nó na luachanna tagartha foluiteacha, lena n-áirítear sonrú ar na margaí a ndéanann an soláthraí TPPUnna infheistíocht iontu, chomh maith le míniú ar an mbealach a gcinntear an toradh;
(ii)
tuairisc ar an gcineál coigilteora TPPU dá bhfuil sé beartaithe an TPPU a mhargú, go háirithe ó thaobh chumas an choigilteora TPPU caillteanas infheistíochta a sheasamh agus ó thaobh na tréimhse infheistíochta ionchasaí;
(iii)
ráiteas i dtaobh
—
an soláthraítear ráthaíocht ar an gcaipiteal leis an TPPU bunúsach nó an teicníc maolaithe riosca atá ann atá i gcomhréir leis an gcuspóir atá ann maidir le cead a thabhairt don choigilteoir TPPU an caipiteal a fhorchúiteamh; nó
—
an soláthraítear agus a mhéid a sholáthraítear le haon rogha infheistíochta mhalartach, más infheidhme, ráthaíocht nó teicníc maolaithe riosca;
(iv)
tuairisc ar shochair scoir an TPPU, go háirithe na cineálacha féideartha eisíocaíochtaí agus an ceart modhnú a dhéanamh ar chineál na n-eisíocaíochtaí amhail dá dtagraítear in Airteagal 59(1);
(v)
i gcás ina gcumhdaítear riosca bithmhéadrach leis an TPPU: mionsonraí faoi na rioscaí a chumhdaítear agus faoi na sochair árachais, lena n-áirítear na himthosca ina bhféadfar na sochair sin a éileamh;
(vi)
faisnéis maidir leis an tseirbhís iniomparthachta, lena n-áirítear tagairt don chlár lárnach poiblí dá dtagraítear in Airteagal 13 ina bhfuil faisnéis maidir leis na coinníollacha le haghaidh chéim an charntha agus chéim an dícharntha arna socrú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagail 47 agus 57;
(vii)
ráiteas maidir leis na hiarmhairtí a bheadh ann don choigilteoir TPPU i gcás aistarraingt luath ón TPPU, lena n-áirítear na táillí uile is infheidhme, na pionóis, agus an fhéidearthacht go gcaillfí cosaint chaipitil agus buntáistí agus dreasachtaí féideartha eile;
(viii)
ráiteas maidir leis na hiarmhairtí don choigilteoir TPPU má stadann an coigilteoir TPPU de bheith ag ranníoc leis an TPPU;
(ix)
faisnéis faoi na fochuntais a bheidh ar fáil agus faoi chearta an choigilteora TPPU dá dtagraítear in Airteagal 20(5);
(x)
faisnéis faoin gceart atá ag an gcoigilteoir TPPU malartú agus an ceart faisnéis a fháil faoin tseirbhís malartaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 56;
(xi)
na coinníollacha le haghaidh mhodhnú na rogha infheistíochta arna roghnú dá dtagraítear in Airteagal 44;
(xii)
faisnéis, i gcás go bhfuil sí ar fáil, a bhaineann le feidhmíocht infheistíochtaí an tsoláthraí TPPUnna ó thaobh tosca ESG de;
(xiii)
an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh TPPU i gcás nach mbíonn saor-rogha dlí ag na páirtithe nó, i gcás ina bhfuil sé de shaoirse ag na páirtithe an dlí is infheidhme a roghnú, an dlí a bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí TPPUnna a roghnú;
(xiv)
i gcás inarb infheidhme, an bhfuil tréimhse mharana nó tréimhse chealúcháin ann maidir leis an gcoigilteoir TPPU;
(d)
faoi roinn dar teideal “Cad iad na rioscaí agus cad a d’fhéadfainn a fháil i gcomaoin orthu?”, tuairisc ghearr ar an bpróifíl riosca-luaíochta, ina mbeidh na gnéithe seo a leanas:
(i)
táscaire achomair riosca, a fhorlíonfar le míniú insinte faoin táscaire sin, na príomhtheorainneacha a bhaineann leis agus míniú insinte faoi na rioscaí atá ábhartha don TPPU agus nach n-áirítear go leormhaith faoin táscaire achomair riosca;
(ii)
uaschaillteanas féideartha an chaipitil infheistithe, lena n-áirítear, faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:
—
an bhféadfaidh an coigilteoir TPPU an caipiteal infheistithe uile a chailleadh; nó
—
an iompróidh an coigilteoir TPPU an riosca maidir le gealltanais nó oibleagáidí breise airgeadais a thabhú;
(iii)
cásanna feidhmíochta iomchuí, agus na boinn tuisceana ar a bhfuil siad bunaithe;
(iv)
i gcás inarb infheidhme, na coinníollacha i leith torthaí do choigilteoirí TPPU nó uasteorainneacha feidhmíochta ionsuite;
(v)
ráiteas go bhféadfadh tionchar a bheith ag dlí cánach Bhallstát baile an choigilteora TPPU ar an eisíocaíocht iarbhír;
(e)
faoi roinn dar teideal “Cad a tharlaíonn mura bhfuil [ainm an tsoláthraí TPPUnna] in ann an íocaíocht a thabhairt?”, beidh tuairisc ghearr ar cibé acu atá nó nach bhfuil an caillteanas gaolmhar cumhdaithe le cúiteamh infheisteora nó le scéim ráthaíochta agus, más rud é go bhfuil, cén scéim atá i gceist, cad is ainm don ráthóir agus cad iad na rioscaí a chumhdaítear leis an scéim agus na cinn nach gcumhdaítear;
(f)
faoi roinn dar teideal “Cad iad na costais?”, na costais a bhaineann le hinfheistíocht sa TPPU, lena gcuimseofar costais dhíreacha agus indíreacha a bheidh le híoc ag an gcoigilteoir TPPU, lena n-áirítear costais aonuaire agus athfhillteacha, a chuirtear i láthair trí tháscairí achoimre ar na costais sin agus, chun inchomparáideacht a áirithiú, iomlán na gcostas comhiomlán a léireofar i dtéarmaí airgeadaíochta agus céatadáin, chun éifeachtaí iolraithe na gcostas iomlán ar an infheistíocht a léiriú.
Léireofar go soiléir sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU go ndéanfaidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna faisnéis a sholáthar ina mionsonrófar aon chostas dáileacháin nach bhfuil san áireamh cheana sna costais a shonraítear thuas, ionas go mbeidh an coigilteoir TPPU in ann iarmhairt charnach na gcostas comhiomlán sin ar thoradh na hinfheistíochta a thuiscint;
(g)
faoi roinn dar teideal “Cad iad na ceanglais shonracha don fhochuntas a chomhfhreagraíonn do [mo Bhallstát cónaithe]?”:
(i)
faoi fhoroinn dar teideal: “Ceanglais do chéim na híocaíochta isteach”:
tuairisc ar na coinníollacha do chéim an charntha, arna gcinneadh ag Ballstát cónaithe an choigilteora TPPU i gcomhréir le hAirteagal 47;
(ii)
faoi fhoroinn dar teideal: “Ceanglais do chéim na híocaíochta amach”:
tuairisc ar na coinníollacha do chéim an dícharntha, arna gcinneadh ag Ballstát cónaithe an choigilteora TPPU i gcomhréir le hAirteagal 57;
(h)
faoi roinn dar teideal “Conas is féidir liom gearán a dhéanamh?”: faisnéis faoin mbealach inar féidir le coigilteoir TPPU gearán a dhéanamh agus cé leis a fhéadfaidh sé gearán a dhéanamh maidir leis an TPPU nó le hiompraíocht an tsoláthraí TPPUnna nó an dáileora TPPUnna.
|
|
Airteagal 28 4.
|
Ceadófar srathú na faisnéise a éilítear faoi mhír 3 i gcás ina soláthrófar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU i bhformáid leictreonach, lenar féidir codanna mionsonraithe den fhaisnéis a chur i láthair trí mhíreanna aníos nó trí naisc chuig sraitheanna a ghabhann léi. Sa chás sin, beifear in ann an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a phriontáil mar aon doiciméad amháin.
|
|
Airteagal 28 5.
|
Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEÁPC, tar éis dó dul i gcomhairle leis na ÚMEnna eile agus tar éis dó tástáil tomhaltóirí agus tástáil tionscail a dhéanamh, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na nithe seo a leanas:
(a)
mionsonraí an chur i láthair, lena n-áirítear cineál agus fad an doiciméid, agus inneachar gach ceann de na gnéithe faisnéise dá dtagraítear i mír 3;
(b)
an mhodheolaíocht atá mar bhonn le cur i láthair an riosca agus na luaíochta amhail dá dtagraítear i bpointí (d)(i) agus (iii) de mhír 3;
(c)
an mhodheolaíocht chun na costais a ríomh, lena n-áirítear sonrú na dtáscairí achoimre, amhail dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 3;
(d)
i gcás ina gcuirfear faisnéis i láthair i bhformáid leictreonach trí shrathú faisnéise, cén fhaisnéis a bheidh sa chéad sraith, agus cén fhaisnéis a fhéadfar a sholáthar i sraitheanna breise an mhionsonraithe.
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt aige, cuirfidh ÚEÁPC san áireamh na cineálacha éagsúla TPPUnna a d’fhéadfadh a bheith ann, cineál fadtéarmach an TPPU, acmhainneachtaí coigilteoirí TPPU, agus gnéithe na TPPUnna, chun a cheadú don choigilteoir TPPU rogha a dhéanamh idir roghanna infheistíochtaí éagsúla agus roghanna eile dá bhforáiltear leis an TPPU, lena n-áirítear i gcás ina bhféadfar an rogha sin a dhéanamh ag pointí éagsúla ama, nó ina bhféadfar an rogha a athrú amach anseo. Déanfaidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Lúnasa 2020. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|