+Airteagal 17 Tréimhse na fostaíochta iniúchóireachta
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.
---+Airteagal 17 4.
---+Airteagal 17 5.
---+Airteagal 17 6.
---+Airteagal 17 7.
---+Airteagal 17 8.
|
Airteagal 17 Tréimhse na fostaíochta iniúchóireachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17 1.
|
Déanfaidh eintiteas leasa phoiblí iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a cheapadh chuig fostaíocht tosaigh a mhairfidh bliain amháin ar a laghad. Féadfar an fhostaíocht a athnuachan. An tréimhse a bhfostófar i dtús báire aon iniúchóir reachtúil ar leith nó aon ghnólacht iniúchóireachta ar leith, ní shárófar uastréimhse deich mbliana leis an tréimhse sin ná leis an tréimhse sin i dteannta aon fhostaíochta athnuaite.
|
|
Airteagal 17 2.
|
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit an méid a leanas a dhéanamh
(a)
a éileamh go mairfidh an fhostaíocht tosaigh dá dtagraítear i mír 1 ar feadh tréimhse is faide ná bliain amháin;
(b)
uastréimhse is lú ná deich mbliana a leagan síos do na fostaíochtaí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1.
|
|
Airteagal 17 3.
|
Tar éis do na huastréimhsí fostaíochtaí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1, nó i bpointe (b) de mhír 2, dul in éag nó tar éis dul in éag na dtréimhsí fostaíochta sin lena gcuirtear síneadh ama i gcomhréir le mír 4 nó mír 6, ní thabharfaidh an t-iniúchóir reachtúil ná an gnólacht iniúchóireachta ná, i gcás inarb infheidhme, aon chomhalta dá gcuid líonraí laistigh den Aontas faoin iniúchóireacht reachtúil ar an eintiteas leasa phoiblí céanna laistigh den tréimhse ceithre bliana ina dhiaidh.
|
|
Airteagal 17 4.
|
De mhaolú ar mhír 1 agus ar phointe (b) de mhír 2, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go gcuirfear síneadh ama leis na huastréimhsí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 agus i bpointe (b) de mhír 2, ar síneadh ama arb é seo a leanas an uastréimhse a bheidh i gceist ina leith:
(a)
fiche bliain, i gcás ina gcuirfear próiseas tairisceana poiblí don iniúchóireacht reachtúil ar bun i gcomhréir le mír 2 agus le mír 5 d'Airteagal 16, agus gabhfaidh éifeacht leis ar dhul in éag na n-uastréimhsí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 agus i bpointe (b) de mhír 2; nó
(b)
ceithre bliana is fiche, i gcás, tar éis do na huastréimhsí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 agus i bpointe (b) de mhír 2 dul in éag, ina bhfostaítear níos mó ná iniúchóir reachtúil amháin nó gnólacht reachtúil iniúchóireachta amháin ag an am céanna ar choinníoll gurb é an toradh a bheidh ar an iniúchóireacht reachtúil go ndéanfar an tuarascáil chomhpháirteach iniúchóireachta, mar a thagraítear di in Airteagal 28 de Threoir 2006/43/CE, a chur i láthair.
|
|
Airteagal 17 5.
|
Ní chuirfear fad leis na huastréimhsí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 agus i bpointe (b) de mhír 2 ach amháin, tar éis moladh a fháil ón gcoiste iniúchóireachta, má mholann an bord riaracháin nó maoirseachta do chruinniú ginearálta na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go ndéanfar an fhostaíocht sin a athnuachan agus má dhéantar an moladh sin a fhormheas.
|
|
Airteagal 17 6.
|
Tar éis do na huastréimhsí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1, i bpointe (b) de mhír 2, nó i mír 4, de réir mar is iomchuí, dul in éag, féadfaidh an t-eintiteas leasa phoiblí, ar bhonn eisceachtúil, iarraidh ar an údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 20(1) fadú a dheonú chun an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta a athcheapadh i gcomhair fostaíochta breise más rud é go gcomhlíontar na coinníollacha i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 4. Ní mó ná dhá bhliain a bheidh an fhostaíocht bhreise sin.
|
|
Airteagal 17 7.
|
Maidir leis na príomh-chomhpháirtithe iniúchóireachta a bheidh freagrach as iniúchóireacht reachtúil a chur i gcrích, scoirfidh siad dá rannpháirtíocht in iniúchóireacht ar an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air tráth nach déanaí ná seacht mbliana ón dáta ar ceapadh iad. Ní ghlacfaidh siad páirt arís in iniúchóireacht reachtúil ar an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air sula mbeidh trí bliana caite, ar a laghad, tas éis an scoir sin. De mhaolú air sin, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar na príomh-chomhpháirtithe iniúchóireachta atá freagrach as iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh scor dá rannpháirtíocht san iniúchóireacht reachtúil ar an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air níos luaithe ná seacht mbliana ón dáta ar ceapadh iad, faoi seach. Déanfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta sásra iomchuí sealaíochta comhleanúnaí a bhunú maidir leis an bpearsanra is sinsearaí atá bainteach leis an iniúchóireacht reachtúil, lena n-áirítear, ar a laghad, na daoine atá cláraithe mar iniúchóirí reachtúla. Déanfar an sásra sealaíochta comhleanúnaí a chur i bhfeidhm ina chéimeanna ar bhonn pearsana aonair seachas ar bhonn na foirne fostaíochta ina hiomláine. Beidh sé comhréireach i bhfianaise fhairsinge agus chastacht na gníomhaíochta dá ngabhann an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta. Beidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta in ann a thaispeáint don údarás inniúil go ndéantar an sásra sin a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus go n-oiriúnaítear é d'fhairsinge agus do chastacht na gníomhaíochta dá ngabhann an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta.
|
|
Airteagal 17 8.
|
Chun críocha an Airteagail seo, déanfar tréimhse na fostaíochta iniúchóireachta a ríomh ón gcéad bhliain airgeadais atá cumhdaithe sa litir maidir leis an bhfostaíochta iniúchóireachta lena gceaptar an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta don chéad uair chun na hiniúchóireachtaí reachtúla a dhéanamh as a chéile don eintiteas céanna leasa phoiblí. Chun críocha an Airteagail seo, áiritheofar ar an ngnólacht iniúchóireachta gnólachtaí eile a fhaigheann an gnólacht iniúchóireachta nó gnólachtaí eile a gcumascann an gnólacht iniúchóireachta leo. Má tá éiginnteacht ann maidir leis an dáta ar thosaigh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta ar iniúchóireachtaí reachtúla as a chéile a dhéanamh don eintiteas leasa phoiblí, mar shampla de dheasca cumasc gnólachtaí, éadálacha, nó athruithe ar an struchtúr úinéireachta, déanfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachtaí éiginnteachtaí den sórt sin a thuairisciú láithreach don údarás inniúil, agus cinnfidh an t-údarás inniúil sin an dáta ábhartha, sa deireadh, chun críocha na chéad fhomhíre.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|