+Airteagal 5 Trédhearcacht infheistíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de i nochtaí réamhchonarthacha agus i dtuarascálacha tréimhsiúla
---+Airteagal 5 (a)
---+Airteagal 5 (b)
---+Airteagal 5 2
|
Airteagal 5 Trédhearcacht infheistíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de i nochtaí réamhchonarthacha agus i dtuarascálacha tréimhsiúla
I gcás ina n-infheistíonn táirge airgeadais faoi mar a thagraítear dó in Airteagal 9(1), (2) nó (3) de Rialachán (AE) 2019/2088 i ngníomhaíocht eacnamaíoch a chuireann le cuspóir comhshaoil de réir bhrí phointe (17) d’Airteagal 2 den Rialachán sin, áiritheofar an méid seo a leanas san fhaisnéis atá le nochtadh i gcomhréir le hAirteagail 6(3) agus 11(2) den Rialachán sin:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 (a)
|
an fhaisnéis maidir leis an gcuspóir comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 9 den Rialachán seo nó na cuspóirí comhshaoil lena gcuidíonn an infheistíocht is bonn leis an táirge airgeadais; agus
|
|
Airteagal 5 (b)
|
cur síos ar an gcaoi agus an méid a dhéantar na hinfheistíochtaí is bonn leis an táirge airgeadais i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a cháilíonn mar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagal 3 den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 5 2
|
Sa chur síos dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den Airteagal seo, sonrófar an cion d’infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de arna roghnú le haghaidh an táirge airgeadais, lena n-áirítear sonraí maidir le cion na ngníomhaíochtaí cumasúcháin agus idirthréimhseacha dá dtagraítear in Airteagal 16 agus Airteagal 10(2), faoi seach, mar chéatadán de na hinfheistíochtaí uile arna roghnú le haghaidh an táirge airgeadais.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|