+Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme

Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leis an Rialachán seo, bunaítear creat le haghaidh laghdú do-chúlaithe de réir a chéile ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ag foinsí agus chun feabhas a chur ar aistrithe trí bhíthin linnte arna rialáil i ndlí an Aontais.

Leagtar amach sa Rialachán seo cuspóir ceangailteach maidir le haeráidneodracht san Aontas faoi 2050, chun an sprioc fhadtéarmach teochta a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 2(1) de Chomhaontú Pháras a shaothrú, agus déantar foráil ann do dhul chun cinn chun sprioc an oiriúnaithe dhomhanda a bhunaítear le Airteagal 7 de Chomhaontú Pháras a shaothrú. Leagtar amach leis an Rialachán seo freisin sprioc cheangailteach de chuid an Aontais maidir le laghdú intíre ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa do 2030. ►M1  Leagtar amach sa Rialachán seo freisin sprioc cheangailteach de chuid an Aontais le haghaidh 2040. ◄

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hastaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí agus aistrithe na ngás ceaptha teasa trí linnte a liostaítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas