+Airteagal 5 Oiriúnú don athrú aeráide.
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.

Airteagal 5 Oiriúnú don athrú aeráide.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1.
Áiritheoidh institiúidí ábhartha an Aontais agus na Ballstáit go ndéanfar dul chun cinn leanúnach maidir le hacmhainneacht oiriúnaithe a fheabhsú, an athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith athrú aeráide a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 7 de Chomhaontú Pháras.
Airteagal 5 2.
Glacfaidh an Coimisiún Straitéis de chuid an Aontais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus déanfaidh sé í a athbhreithniú go rialta i gcomhthéacs an athbhreithnithe dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 6(2) den Rialachán seo.
Airteagal 5 3.
Áiritheoidh institiúidí ábhartha an Aontais agus na Ballstáit freisin go mbeidh na beartais maidir le hoiriúnú san Aontas agus sna Ballstáit comhleanúnach, go seasfaidh siad mar chrann taca a chéile, go gcuirfidh siad comhthairbhí ar fáil do bheartais earnála, agus go n-oibreoidh siad i dtreo comhtháthú níos fearr ar oiriúnú don athrú aeráide ar bhealach comhsheasmhach sna réimsí beartais uile, lena n-áirítear beartais agus gníomhaíochtaí socheacnamaíocha agus comhshaoil ábhartha, i gcás inarb iomchuí, agus i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais. Díreoidh siad, go háirithe, ar na daonraí agus na hearnálacha is leochailí agus is mó a ndéanfar difear dóibh, agus easnaimh ina leith sin a shainaithint i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta.
Airteagal 5 4.
Déanfaidh na Ballstáit straitéisí agus pleananna oiriúnaithe náisiúnta a ghlacadh agus a chur chun feidhme, agus straitéis an Aontais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo á cur san áireamh acu, agus í bunaithe ar anailísí stóinsithe athraithe aeráide agus leochaileachta, ar mheasúnuithe ar dhul chun cinn agus táscairí, agus faoi threoir na fianaise eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil agus is déanaí. Ina straitéisí oiriúnaithe náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit leochaileacht faoi leith na n-earnálacha ábhartha a chur san áireamh, inter alia, leochaileacht na talmhaíochta, na gcóras bia agus uisce, chomh maith leis an tslándáil bia, agus déanfaidh siad réitigh dúlrabhunaithe agus oiriúnú éiceachóras-bhunaithe a chur chun cinn. Tabharfaidh na Ballstáit na straitéisí cothrom le dáta go rialta agus áireoidh siad an fhaisnéis ghaolmhar nuashonraithe sa tuarascáil atá le cur isteach faoi Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2018/1999.
Airteagal 5 5.
Faoin 30 Iúil 2022, glacfaidh an Coimisiún treoirlínte ina leagfar amach prionsabail choiteanna agus cleachtais choiteanna chun rioscaí aeráide fisiceacha ábharacha a shainaithint, a aicmiú agus a bhainistiú go stuama agus tionscadail agus cláir do thionscadail á bpleanáil, á bhforbairt, á gcur i bhfeidhm agus á bhfaire acu.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas