+Airteagal 6 Measúnú ar dhul chun cinn agus bearta an Aontais
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.

Airteagal 6 Measúnú ar dhul chun cinn agus bearta an Aontais

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6 1.

Faoin 30 Meán Fómhair 2023, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú, mar aon leis an measúnú dá bhforáiltear faoi Airteagal 29(5) de Rialachán (AE) 2018/1999, ar an méid seo a leanas:

(a) 

an dul chun cinn comhchoiteann a dhéanfaidh na Ballstáit uile chun an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) den Rialachán seo a bhaint amach;

(b) 

an dul chun cinn comhchoiteann a dhéanfaidh na Ballstáit uile maidir le hoiriúnú amhail dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo.

Déanfaidh an Coimisiún conclúidí an mheasúnaithe sin, mar aon leis an tuarascáil ar Staid an Aontais arna hullmhú an bhliain féilire sin i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1999, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Airteagal 6 2.

Faoin 30 Meán Fómhair 2023, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an méid seo a leanas:

(a) 

comhsheasmhacht bheartais an Aontais leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1);

(b) 

comhsheasmhacht bheartais an Aontais lena áirithiú go ndéanfar dul chun cinn maidir leis an oiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 5.

Airteagal 6 3.
I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, bunaithe ar na measúnuithe dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, go bhfuil bearta an Aontais ar neamhréir leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) nó go bhfuil sé ar neamhréir lena áirithiú go ndéanfar dul chun cinn leis an oiriúnú amhail dá dtagraítear in Airteagal 5, nó gur neamhleor an dul chun cinn i dtreo an chuspóra aeráidneodrachta sin nó i dtreo an oiriúnaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 5, déanfaidh sé na bearta is gá i gcomhréir leis na Conarthaí.
Airteagal 6 4.
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht aon dréachtbhirt nó aon dréacht-togra reachtaigh, lena n-áirítear tograí buiséadacha, leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) agus le spriocanna aeráide an Aontais do 2030 agus 2040 sula nglacfar é, agus déanfar an measúnú sin a áireamh in aon mheasúnú tionchair a ghabhann leis na bearta nó na tograí sin, agus cuirfidh sé toradh an mheasúnaithe sin ar fáil don phobal tráth a ghlactha. Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin féachaint an bhfuil na dréachtbhearta nó na tograí reachtacha sin, lena n-áirítear tograí buiséadacha, comhsheasmhach lena áirithiú go ndéanfar an dul chun cinn maidir leis an oiriúnú amhail dá dtagraítear in Airteagal 5. Agus a dhréachtbhearta agus a thograí reachtacha á ndéanamh aige, déanfaidh an Coimisiún iarracht iad a ailíniú le cuspóirí an Rialacháin seo. In aon chás neamhailínithe, soláthróidh an Coimisiún na cúiseanna mar chuid den mheasúnú comhsheasmhachta dá dtagraítear sa mhír seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas