+Airteagal 13 Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1999

Airteagal 13 Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1999

Airteagal 13

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1999

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 mar a leanas:

(1) 

in Airteagal 1(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a) 

straitéisí agus bearta a chur chun feidhme arna gceapadh chun go gcomhlíonfar cuspóirí agus spriocanna an Aontais Fuinnimh agus tiomantais fhadtéarmacha an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa atá comhsheasmhach le Comhaontú Pháras, go háirithe cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ), agus, don chéad tréimhse 10 mbliana, ó 2021 go 2030, go háirithe spriocanna an Aontais do 2030 don fhuinneamh agus don aeráid;

(2) 

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (7):

“(7) 

ciallaíonn ‘réamh-mheastacháin’ réamhaisnéisí ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus ar aistrithe gás ceaptha teasa trí linnte nó forbairtí ar an gcóras fuinnimh, lena n-áirítear, ar a laghad, meastacháin chainníochtúla do sheicheamh 6 bliana sa todhchaí dar críoch 0 nó 5, díreach i ndiaidh na bliana tuairisciúcháin;”;

(3) 

in Airteagal 3(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

“(f) 

measúnú ar thionchar na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo a bhaint amach, lena n-áirítear a gcomhsheasmhacht le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119, agus leis na cuspóirí fadtéarmacha maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi Chomhaontú Pháras agus leis na straitéisí fadtéarmacha amhail dá dtagraítear in Airteagal 15 den Rialachán seo;”;

(4) 

in Airteagal 8(2), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(e) 

an chaoi ina gcuireann na beartais agus na bearta atá ann cheana agus na beartais agus na bearta atá beartaithe le baint amach chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119”;

(5) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

Idirphlé il-leibhéil maidir leis an aeráid agus fuinneamh

Déanfaidh gach Ballstát idirphlé il-leibhéil a bhunú maidir leis an aeráid agus fuinneamh de bhun na rialacha náisiúnta, ina mbeidh údaráis áitiúla, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lucht gnó, infheisteoirí agus scairshealbhóirí eile agus an pobal i gcoitinne in ann a bheith páirteach go gníomhach i mbaint amach chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 agus sna cásanna éagsúla atá beartaithe do bheartais fuinnimh agus aeráide agus an méid sin a phlé, lena n-áirítear ar bhonn fadtéarmach, agus athbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn, mura bhfuil struchtúr chun na críche céanna ann cheana. Féadfar plé a dhéanamh ar phleananna náisiúnta comhtháite fuinnimh agus aeráide laistigh de chreat den chineál sin.”;

(6) 

leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.  
Faoin 1 Eanáir 2020, agus faoin 1 Eanáir 2029 ina dhiaidh sin agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin arís, déanfaidh gach Ballstát a straitéis fhadtéarmach a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ar straitéis í a mbeidh peirspictíocht 30 bliain aici agus a bheidh comhsheasmhach le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119. Ba cheart do na Ballstáit, i gcás inar gá, na straitéisí sin a thabhairt cothrom le dáta gach 5 bliana.”;
(b) 

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c) 

laghduithe fadtéarmacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus feabhsuithe ar aistrithe trí linnte i ngach earnáil i gcomhréir le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach, i gcomhthéacs na laghduithe gás ceaptha teasa is gá agus na bhfeabhsuithe ar aistrithe trí linnte is gá de réir an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC) chun astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú ar bhealach costéifeachtach agus chun aistrithe trí linnte a fheabhsú chun sprioc fhadtéarmach teochta Chomhaontú Pháras a shaothrú ionas go mbainfear amach cothromaíocht idir astaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí aistrithe gás ceaptha teasa trí linnte laistigh den Aontas agus, de réir mar is iomchuí, astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin;”;

(7) 

leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a) 

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a) 

faisnéis faoin dul chun cinn atá déanta i dtreo ghnóthú na gcuspóirí, lena n-áirítear dul chun cinn i dtreo cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119, na spriocanna agus na rannchuidithe a leagtar amach sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, agus i dtreo mhaoiniú agus chur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart is gá lena mbaint amach, lena n-áirítear athbhreithniú ar infheistíocht iarbhír i gcomparáid le toimhdí infheistíochta tosaigh;”;

(b) 

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Glacfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste Aontais Fuinnimh dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 44(1), gníomhartha cur chun feidhme chun struchtúr, formáid, mionsonraí teicniúla agus próiseas a leagan amach i gcás na faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, lena n-áirítear modheolaíocht chun tuairisciú a dhéanamh ar chéimniú amach na bhfóirdheontas fuinnimh, go háirithe do bhreoslaí iontaise, de bhun phointe (d) d’Airteagal 25.”;

(8) 

in Airteagal 29(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b) 

an dul chun cinn atá déanta ag gach Ballstát chun a chuspóirí, lena n-áirítear dul chun cinn i dtreo chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119, spriocanna agus rannchuidithe a bhaint amach agus na beartais agus na bearta a leagtar amach ina phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a chur chun feidhme;”;

(9) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 45:

“Airteagal 45

Athbhreithniú

Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, laistigh de thréimhse 6 mhí ó gach athbhreithniú domhanda arna chomhaontú faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, a rannchuidiú le rialú an Aontais Fuinnimh, a rannchuidiú le spriocanna fadtéarmacha Chomhaontú Pháras, dul chun cinn i dtreo spriocanna aeráide agus fuinnimh do 2030 a bhaint amach agus i dtreo chuspóir aeráidneodrachta an Aontais, a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach, cuspóirí breise an Aontais Fuinnimh agus le forálacha pleanála, tuairiscithe agus faireacháin a leagtar síos sa Rialachán seo a bheith i gcomhréir le dlíthe eile de chuid an Aontais nó le cinntí a bhaineann le UNFCCC agus le Comhaontú Pháras. Féadfaidh tograí reachtacha a bheith ag gabháil leis na tuarascálacha ón gCoimisiún de réir mar is iomchuí.”;

(10) 

leasaítear Cuid 1 d’Iarscríbhinn I mar seo a leanas:

(a) 

i bpointe 3.1.1 de Roinn A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“i. 

Beartais agus bearta chun an sprioc a leagtar síos faoi Rialachán (AE) 2018/842 dá dtagraítear i bpointe 2.1.1 den Roinn seo a bhaint amach agus beartais agus bearta chun Rialachán (AE) 2018/841 a chomhlíonadh, lena gcumhdófaí na príomhearnálacha uile i dtaca le hastú agus na hearnálacha i dtaca le feabhsúchán ar aistrithe, ag féachaint do chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119”;

(b) 

i Roinn B, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

“5.5. 

Rannchuidiú na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe le baint amach chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119”;

(11) 

i bpointe (c) d’Iarscríbhinn VI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (viii):

“(viii) 

measúnú ar rannchuidiú an bheartais nó an bhirt maidir le baint amach chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 agus le baint amach na straitéise fadtéarmaí dá dtagraítear in Airteagal 15 den Rialachán seo;”.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas