+Airteagal 2 Modheolaíocht
---+Airteagal 2 1.
---+Airteagal 2 2.
---+Airteagal 2 3.
---+Airteagal 2 4.
---+Airteagal 2 5.

Airteagal 2 Modheolaíocht

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 2 1.
Tá modheolaíocht CCE 2010 dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2) leagtha amach in Iarscríbhinn A.
Airteagal 2 2.
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe maidir le leasuithe ar mhodheolaíocht CCE 2010 a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 7 chun an t-ábhar atá inti a shonrú agus a fheabhsú, chun léiriú comhchuibhithe a áirithiú nó chun an inchomparáideacht idirnáisiúnta a áirithiú, ar an gcoinníoll nach n-athraítear leis na gníomhartha sin coincheapa foluiteacha na modheolaíochta sin, nach dteastaíonn acmhainní breise do tháirgeoirí laistigh den Chóras Staidrimh Eorpach chun na gníomhartha sin a chur chun feidhme agus nach ndéantar acmhainní dílse a athrú dá mbarr.
Airteagal 2 3.
Más rud é go bhfuil amhras ann faoi chur chun feidhme ceart rialacha cuntasaíochta CCE 2010, iarrfaidh an Ballstát lena mbaineann soiléiriú ón gCoimisiún (Eurostat). Gníomhóidh an Coimisiún (Eurostat) go pras agus iniúchadh á dhéanamh aige ar an iarraidh agus a chomhairle á cur in iúl aige don Bhallstát lena mbaineann agus do gach Ballstát eile maidir leis an soiléiriú arna iarraidh.
Airteagal 2 4.
Déanfaidh na Ballstáit seirbhísí idirghabhála airgeadais arna dtomhas go hindíreach (FISIM) a ríomh agus a leithdháileadh i gcuntais náisiúnta i gcomhréir leis an modheolaíocht ar ina leith a dhéantar cur síos in Iarscríbhinn A. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh roimh 17 Meán Fómhair 2013 i gcomhréir le hAirteagal 7 ina leagfar síos modheolaíocht athbhreithnithe i gcomhair FISIM a ríomh agus a leithdháileadh. Áiritheoidh an Coimisiún, agus a chumhacht á feidhmiú aige de bhun na míre seo, nach gcuirfear leis na gníomhartha tarmligthe sin ualach sunstasach breise riaracháin ar na Ballstáit ná ar na haonaid is freagróirí.
Airteagal 2 5.
Déanfaidh na Ballstáit caiteachas ar thaighde agus ar fhorbairt a thaifeadadh mar ollfhoirmiú caipitil sheasta. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 7 chun iontaofacht agus inchomparáideacht shonraí CCE 2010 de chuid na mBallstát maidir le taighde agus forbairt a áirithiú. Áiritheoidh an Coimisiún, agus a chumhacht á feidhmiú aige de bhun na míre seo, nach gcuirfear leis na gníomhartha tarmligthe sin ualach suntasach breise riaracháin ar na Ballstáit ná ar na haonaid is freagróirí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas