+Airteagal 5d Liosta de Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití deimnithe a fhoilsiú
---+Airteagal 5d 1.
---+Airteagal 5d 2.
---+Airteagal 5d 3.
---+Airteagal 5d 4.
---+Airteagal 5d 5.
---+Airteagal 5d 6.
---+Airteagal 5d 7.

Airteagal 5d Liosta de Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití deimnithe a fhoilsiú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5d 1.
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus an Grúpa Comhair a bhunaítear de bhun Airteagal 46e(1) ar an eolas gan moill mhíchuí maidir le Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a soláthraíodh de bhun Airteagal 5a agus atá deimhnithe ag na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 5c(1). Cuirfidh siad an Coimisiún agus an Grúpa Comhair a bhunaítear de bhun Airteagal 46e(1) ar an eolas, gan moill mhíchuí, má chuirtear deimhniú ar ceal agus luafaidh siad na cúiseanna leis an gcealú sin.
Airteagal 5d 2.

Gan dochar d’Airteagal 5a(18), áireofar an méid seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo:

(a) 

deimhniú agus tuarascáil um measúnú deimhnithe na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití deimhnithe;

(b) 

tuairisc ar an scéim ríomh-shainaitheantais faoina soláthraítear an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití;

(c) 

an córas maoirseachta is infheidhme agus faisnéis maidir leis an gcóras dliteanais i ndáil leis an bpáirtí a sholáthraíonn an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití;

(d) 

an t-údarás nó na húdaráis atá freagrach as an scéim ríomh-shainaitheantais;

(e) 

socruithe chun an scéim ríomh-shainaitheantais nó an fíordheimhniú nó na codanna lena mbaineann a cuireadh i mbaol a chur ar fionraí nó a chúlghairm.

Airteagal 5d 3.
Ar bhonn na faisnéise a fhaightear de bhun mhír 1, déanfaidh an Coimisiún liosta de Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití deimhnithe a bhunú, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus a chothabháil i bhformáid mheaisín-inléite.
Airteagal 5d 4.
Féadfaidh Ballstát iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun Tiachóg Eorpach Céannachta Digití agus an scéim ríomh-shainaitheantais faoina soláthraítear í a bhaint den liosta dá dtagraítear i mír 3.
Airteagal 5d 5.
I gcás ina ndéantar athruithe ar an bhfaisnéis a sholáthraítear de bhun mhír 1, soláthróidh an Ballstát faisnéis nuashonraithe don Choimisiún.
Airteagal 5d 6.
Coinneoidh an Coimisiún an liosta dá dtagraítear i mír 3 cothrom le dáta trí na leasuithe comhfhreagracha ar an liosta a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh laistigh de 1 mhí amháin ó iarraidh a fháil de bhun mhír 4 nó ó fhaisnéis nuashonraithe a fháil de bhun mhír 5.
Airteagal 5d 7.
Faoin 21 Samhain 2024, bunóidh an Coimisiún na formáidí agus na nósanna imeachta is infheidhme chun críocha mhíreanna 1, 4 agus 5 den Airteagal seo trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme maidir le cur chun feidhme na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití dá dtagraítear in Airteagal 5a(23). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas