Airteagal 13 1.
D’ainneoin mhír 2 den Airteagal seo agus gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679, beidh soláthraithe seirbhísí iontaoibhe faoi dhliteanas as aon damáiste a dhéantar d’aonghnó nó go faillíoch d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach de thoradh gan cloí leis na hoibleagáidí faoin Rialachán seo. Aon duine nádúrtha nó dlítheanach ar bhain damáiste ábhartha nó neamhábhartha dó nó di mar thoradh ar shárú ar an Rialachán seo ag soláthraí seirbhísí iontaoibhe, beidh sé de cheart ag an duine sin cúiteamh a lorg i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta. Is ar an duine nádúrtha nó dlítheanach a mhaíonn an damáiste dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheidh an dualgas intinn nó faillí soláthraí neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe a chruthú. Toimhdeofar intinn nó faillí soláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe, ach amháin má chruthaíonn an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe sin gur tharla an damáiste dá dtagraítear sa chéad fhomhír gan intinn ná faillí an tsoláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe sin.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|