+Airteagal 6 Coinníollacha maidir le daoine tuairiscithe a chosaint
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.

Airteagal 6 Coinníollacha maidir le daoine tuairiscithe a chosaint

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6 1.

Cáileoidh daoine tuairiscithe le haghaidh cosaint faoin Treoir seo ar an gcoinníoll:

(a) 

go raibh forais réasúnacha acu chun a chreidiúint go raibh an fhaisnéis faoi sháruithe a tuairiscíodh fíor tráth a tuairiscithe agus gur tháinig faisnéis den sórt sin laistigh de raon feidhme na Treorach seo; agus

(b) 

gur thuairiscigh siad go hinmheánach i gcomhréir le hAirteagal 7 nó go seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 10, nó go ndearna siad nochtadh poiblí i gcomhréir le hAirteagal 15.

Airteagal 6 2.
Gan dochar do na hoibleagáidí atá ann cheana foráil a dhéanamh do thuairisciú anaithnid de bhua dhlí an Aontais, ní dhéanann an Treoir seo difear do chumhacht na mBallstát cinneadh a dhéanamh an bhfuil nó nach bhfuil ceangal ar eintitis dlíthiúla san earnáil phríobháideach nó phoiblí agus ar údaráis inniúla glacadh le tuairiscí anaithnide ar sháruithe agus beart leantach a dhéanamh ina leith.
Airteagal 6 3.
Daoine a thuairiscigh faisnéis faoi sháruithe, nó a nocht go poiblí í, ar bhealach anaithnid, ach a aithníodh ina dhiaidh sin agus a raibh thíos le frithbheart, beidh siad cáilithe ina ainneoin sin le haghaidh na cosanta dá bhforáiltear faoi Chaibidil VI, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos i mír 1.
Airteagal 6 4.
Daoine a thuairiscíonn sáruithe a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, cáileoidh siad le haghaidh cosanta mar a leagtar síos sa Treoir seo faoi na coinníollacha céanna le daoine a thuairiscigh go seachtrach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas