|
+Airteagal 3 Sainmhínithe |
Airteagal 3 SainmhínitheAirteagal 3 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn “stór trádála” duine dlítheanach a dhéanann taifid ar IMUanna a bhailiú agus a chothabháil go lárnach;
(2)
ciallaíonn “contrapháirtithe” contrapháirtithe airgeadais agus contrapháirtithe neamhairgeadais;
(3)
ciallaíonn “contrapháirtí airgeadais”:
(a)
gnólacht infheistíochta atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );
(b)
institiúid chreidhmheasa atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ) nó le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;
(c)
gnóthas árachais nó gnóthas athárachais atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );
(d)
GCUI agus, i gcás inarb ábhartha, a chuideachta bhainistíochta, atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE;
(e)
CIM atá á bhainistiú ag BCIManna atá údaraithe nó cláraithe i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE;
(f)
institiúid um chóir ar scor ceirde atá údaraithe nó cláraithe i gcomhréir le Treoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 );
(g)
contrapháirtí lárnach atá údaraithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
(h)
taisclann lárnach urrús (TLU) atá údaraithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 );
(i)
eintiteas tríú tír a mbeadh údarú nó clárú uaidh i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear i bpointí (a) go (h) dá mba rud é go raibh sé bunaithe san Aontas;
(4)
ciallaíonn “contrapháirtí neamhairgeadais” gnóthas atá bunaithe san Aontas nó i dtríú tír seachas na heintitis dá dtagraítear i bpointe 3;
(5)
ciallaíonn “bunaithe”:
(a)
más duine nádúrtha an contrapháirtí, an áit a bhfuil a cheannoifig aige;
(b)
más duine dlítheanach an contrapháirtí, an áit a bhfuil a oifig chláraithe aige;
(c)
mura bhfuil aon oifig chláraithe, faoin dlí náisiúnta, ag an gcontrapháirtí, an áit a bhfuil a cheannoifig aige;
(6)
ciallaíonn “brainse” áit a ndéantar gnó seachas an cheannoifig agus ar cuid de chontrapháirtí í agus nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach aici;
(7)
ciallaíonn “iasachtú i leith urrús nó tráchtearraí” nó “iasachtaíocht i leith urrús nó tráchtearraí” aon idirbheart trína aistríonn contrapháirtí urrúis nó tráchtearraí faoi réir gealltanas go dtabharfaidh an t-iasachtaí urrúis choibhéiseacha nó tráchtearraí coibhéiseacha ar ais ar dháta sa todhchaí nó nuair a iarrfaidh an t-aistreoir air é, ar idirbheart é a mheastar a bheith ina iasachtú i leith urrús nó tráchtearraí i gcás an chontrapháirtí atá ag aistriú na n-urrús nó na dtráchtearraí agus a mheastar a bheith ina iasachtaíocht i leith urrús nó tráchtearraí i gcás an chontrapháirtí a bhfuil siad sin á n-aistriú chuige;
(8)
ciallaíonn “idirbheart ceannaigh-aisdíola” nó “idirbheart aischeannaigh díola” idirbheart trína gceannaíonn nó trína ndíolann contrapháirtí urrúis, tráchtearraí nó cearta faoi ráthaíocht a bhaineann le teideal ar urrúis nó ar thráchtearraí, lena gcomhaontaíonn sé urrúis, tráchtearraí nó na cearta faoi ráthaíocht den tuairisc chéanna faoi seach a aisdhíol nó a aischeannach ar phraghas sainithe ar dháta amach anseo, ar idirbheart é atá ina idirbheart ceannaigh-aisdíola don chontrapháirtí a bhfuil urrúis, tráchtearraí nó cearta faoi ráthaíocht á gceannach aige, agus atá ina idirbheart aischeannaigh díola don chontrapháirtí a bhfuil siad sin á ndíol aige nó, agus ar idirbhearta iad idirbhearta ceannaigh-aisdíola den sórt sin nó idirbhearta aischeannaigh díola den sórt sin nach rialaítear le comhaontú athcheannaigh ná le comhaontú athcheannaigh droim ar ais de réir bhrí phointe (9);
(9)
ciallaíonn “idirbheart athcheannaigh” idirbheart a rialaítear le comhaontú trína aistríonn contrapháirtí urrúis, tráchtearraí nó cearta faoi ráthaíocht a bhaineann le teideal ar urrúis nó ar thráchtearraí i gcás ina n-eisíonn malartán aitheanta, a shealbhaíonn na cearta do na hurrúis nó do na tráchtearraí, an ráthaíocht sin, agus nuair nach dtugtar cead leis an gcomhaontú do chontrapháirtí urrús ná tráchtearra ar leith a aistriú nó a gheallúint chuig níos mó ná contrapháirtí amháin i gcomhthráth, faoi réir gealltanas iad a athcheannach, nó urrúis nó tráchtearraí ionadacha den tuairisc chéanna a athcheannach ar phraghas sainithe ar dháta amach anseo atá sainithe, nó atá le sainiú, ag an aistreoir, agus ar comhaontú é atá ina chomhaontú athcheannaigh don chontrapháirtí a bhfuil na hurrúis nó na tráchtearraí á ndíol aige agus atá ina chomhaontú athcheannaigh droim ar ais é don chontrapháirtí atá á gceannach;
(10)
ciallaíonn “idirbheart iasachta corrlaigh” idirbheart ina dtugann contrapháirtí creidmheas i ndáil le hurrúis a cheannach, a dhíol, a iompar nó a thrádáil, ach gan iasachtaí eile atá urraithe le comhthaobhacht i bhfoirm urrús a áireamh;
(11)
ciallaíonn “idirbheart maoinithe urrús” nó “IMU”:
(a)
idirbheart athcheannaigh;
(b)
iasachtú i leith urrús nó tráchtearraí agus iasachtaíocht i leith urrús nó tráchtearraí;
(c)
idirbheart ceannaigh-aisdíola nó idirbheart aischeannaigh díola;
(d)
idirbheart iasachta corrlaigh;
(12)
ciallaíonn “athúsáid” an úsáid a bhaineann contrapháirtí glactha, ina ainm féin agus ar a chuntas féin nó ar chuntas contrapháirtí eile, lena n-áirítear aon duine nádúrtha, as ionstraimí airgeadais a fhaightear faoi shocrú comhthaobhachta; is éard atá in úsáid den sórt sin aistriú teidil nó feidhmiú cirt úsáide i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2002/47/CE ach gan leachtacht ionstraime airgeadais a áireamh i gcás mainneachtana an chontrapháirtí sholáthraithe;
(13)
ciallaíonn “socrú comhthaobhachta aistrithe teidil” socrú comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil mar a shainmhínítear é i bpointe (b) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2002/47/CE, a tugadh i gcrích idir contrapháirtithe chun aon oibleagáid a urrú.
(14)
ciallaíonn “socrú comhthaobhachta urrúis” socrú comhthaobhachta airgeadais urrúis mar a shainmhínítear é i bpointe (c) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2002/47/CE, a tugadh i gcrích idir contrapháirtithe chun aon oibleagáid a urrú.
(15)
ciallaíonn “socrú comhthaobhachta” socrú comhthaobhacha aistrithe teidil agus socrú comhthaobhachta urrúis.
(16)
ciallaíonn “ionstraim airgeadais” ionstraim airgeadais mar a shainmhínítear i bpointe (15) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE í;
(17)
ciallaíonn “tráchtearra” tráchtearra mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún ( 6 ) é.
(18)
ciallaíonn “babhtáil an toraidh iomláin” conradh díorthach mar a shainmhínítear é i bpointe (7) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ina n-aistríonn contrapháirtí amháin feidhmíocht eacnamaíoch iomlán oibleagáide tagartha, lena n-áirítear ioncam ó ús agus táillí, gnóthachain agus caillteanais ó ghluaiseachtaí praghais, agus caillteanais chreidmheasa, chuig contrapháirtí eile. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|