+Airteagal 19 Coibhéis stórtha trádála agus iad a aithint
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.
---+Airteagal 19 4.
---+Airteagal 19 5.
---+Airteagal 19 6.
---+Airteagal 19 7.
---+Airteagal 19 8.
|
Airteagal 19 Coibhéis stórtha trádála agus iad a aithint
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1.
|
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena gcinntear go n-áirithítear an méid seo a leanas le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta tríú tír:
(a)
go gcomhlíonann na stórtha trádála atá údaraithe sa tríú tír sin ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus atá coibhéiseach leis na ceanglais sin atá leagtha síos sa Rialachán seo;
(b)
go ndéantar maoirseacht éifeachtach ar stórtha trádála agus forghníomhú éifeachtach ar a n-oibleagáidí sa tríú tír sin ar bhonn leanúnach;
(c)
go bhfuil ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla ann, lena n-áirítear go ndéantar rúin ghnó a chosaint, ar rúin iad a roinneann na húdaráis le tríú páirtithe, agus go bhfuil na ráthaíochtaí sin coibhéiseach ar a laghad leis na ráthaíochtaí sin a leagtar síos sa Rialachán seo; agus
(d)
go bhfuil stórtha trádála atá údaraithe sa tríú tír sin faoi réir oibleagáid atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá in-fhorghníomhaithe rochtain dhíreach láithreach a thabhairt ar na sonraí do na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 12(2).
Leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, sonrófar freisin na húdaráis ábhartha ón tríú tír atá i dteideal rochtain a bheith acu ar na sonraí maidir le hIMUanna atá i stórtha trádála atá bunaithe san Aontas. Déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 31(2).
|
|
Airteagal 19 2.
|
I gcás nach bhfuil stórtha trádála atá údaraithe i dtríú tír faoi réir oibleagáid atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá infhorghníomhaithe rochtain dhíreach láithreach a thabhairt ar na sonraí do na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 12(2), cuirfidh an Coimisiún moltaí faoi bhráid na Comhairle maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidliú leis an tríú tír sin faoi rochtain fhrithpháirteach ar fhaisnéis, agus faoi fhaisnéis a mhalartú, i ndáil le hIMUanna atá i stórtha trádála atá bunaithe sa tríú tír sin, chun a áirithiú go mbeidh rochtain dhíreach agus láithreach ag na heintitis uile dá dtagraítear in Airteagal 12(2) ar an bhfaisnéis go léir atá riachtanach chun a ndualgais a fheidhmiú.
|
|
Airteagal 19 3.
|
Ní fhéadfaidh stór trádála atá bunaithe i dtríú tír a sheirbhísí ná a ghníomhaíochtaí a sholáthar d’eintitis atá bunaithe san Aontas chun críocha Airteagal 4 go dtí go mbeidh aitheantas tugtha ag ÚEUM dó i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i mír 4 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 19 4.
|
Cuirfidh stór trádála dá dtagraítear i mír 3 ceann acu seo a leanas faoi bhráid ÚEUM:
(b)
iarratas ar shíneadh a chur le clárú chun críocha Airteagal 4 den Rialachán seo i gcás stór trádála a bhfuil aitheantas aige cheana i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
|
|
Airteagal 19 5.
|
Gabhfaidh an fhaisnéis riachtanach uile le hiarratas amhail dá dtagraítear i mír 4, lena n-áirítear ar a laghad an fhaisnéis atá riachtanach lena fhíorú go bhfuil an stór trádála údaraithe agus go bhfuil sé faoi réir maoirseacht éifeachtach i dtríú tír a chomhlíonann na critéir go léir a leanas:
(a)
gur chinn an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun mhír 1, go bhfuil creat rialála agus maoirseachta coibhéiseach agus in-fhorghníomhaithe ag an tríú tír;
(b)
go bhfuil comhaontuithe comhair tugtha i gcrích ag údaráis ábhartha an tríú tír le hÚEUM lena sonraítear an méid seo a leanas, ar a laghad:
(i)
sásra don mhalartú faisnéise idir ÚEUM agus aon údarás eile de chuid an Aontais a bhfuil freagrachtaí á bhfeidhmiú aige de thoradh ar aon tarmligean cúraimí de bhun Airteagal 9 (1) de pháirt amháin agus údaráis inniúla de chuid an tríú tír lena mbaineann den pháirt eile; agus
(ii)
nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta.
Cuirfidh ÚEUM Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 i bhfeidhm maidir le sonraí pearsanta atá á n-aistriú chuig tríú tír.
|
|
Airteagal 19 6.
|
Laistigh de 30 lá oibre tar éis dó an t-iarratas a fháil, déanfaidh ÚEUM measúnú féachaint an bhfuil an t-iarratas iomlán. Má chinneann ÚEUM nach bhfuil an t-iarratas iomlán, leagfaidh ÚEUM síos spriocdháta faoina bhfuil ar an stór trádála a rinne an t-iarratas faisnéis bhreise a sholáthar.
|
|
Airteagal 19 7.
|
Laistigh de 180 lá oibre ón dáta a dtíolactar iarratas iomlán, cuirfidh ÚEUM in iúl i scríbhinn don stór trádála a rinne an t-iarratas cé acu ar deonaíodh an t-aitheantas nó ar diúltaíodh é, agus beidh míniú lánréasúnaithe ar a chinneadh ag gabháil leis sin.
|
|
Airteagal 19 8.
|
Foilseoidh ÚEUM ar a shuíomh gréasáin liosta de na stórtha trádála a dtabharfar aitheantas dóibh i gcomhréir leis an Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|