+Airteagal 26 Cinntí a fhoilsiú
---+Airteagal 26 1.
---+Airteagal 26 2.
---+Airteagal 26 3.
---+Airteagal 26 4.
---+Airteagal 26 5.
---+Airteagal 26 6.

Airteagal 26 Cinntí a fhoilsiú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 26 1.
Faoi réir mhír 4 den Airteagal seo, maidir le haon chinneadh lena bhforchuirfear smachtbhanna riaracháin nó beart riaracháin eile i dtaca le sárú ar Airteagal 4 nó ar Airteagal 15, áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh údaráis inniúla an cinneadh sin ar a suíomh gréasáin díreach tar éis an duine atá faoi réir an chinnidh sin a chur ar an eolas faoin gcinneadh.
Airteagal 26 2.
San fhaisnéis a fhoilseofar de bhun mhír 1, sonrófar ar a laghad cineál agus nádúr an tsáraithe agus céannacht an duine atá faoi réir an chinnidh.
Airteagal 26 3.
Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 maidir le cinntí lena bhforchuirfear bearta de chineál imscrúdaithe.

I gcás ina measfaidh údarás inniúil, tar éis measúnú a dhéanamh ar gach cás ar leith, go mbeadh sé díréireach céannacht an duine dhlítheanaigh atá faoi réir an chinnidh, nó sonraí pearsanta duine nádúrtha a fhoilsiú, nó i gcás ina ndéanfadh an foilsiú sin imscrúdú atá ar bun nó cobhsaíocht na margaí airgeadais a chur i gcontúirt, déanfaidh sé ceann amháin de na nithe seo a leanas:

(a) 

foilsiú an chinnidh a iarchur go dtí an tráth nach ann a thuilleadh do na cúiseanna leis an iarchur sin;

(b) 

an cinneadh a fhoilsiú ar bhonn anaithnid i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcás ina n-áirithítear le foilsiú den sórt sin cosaint éifeachtach na sonraí pearsanta lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar go ceann tréimhse réasúnach i gcás ina mbeidh sé intuartha nach ann a thuilleadh do chúiseanna an fhoilsithe anaithnid le linn na tréimhse sin;

(c) 

ní fhoilseoidh an t-údarás inniúil an cinneadh i gcás ina gceapann sé nach mbeadh an foilsiú i gcomhréir le pointe (a) nó le pointe (b) leordhóthanach:

(i) 

chun a áirithiú nach gcuirfear cobhsaíocht na margaí airgeadais i gcontúirt; ná

(ii) 

chun comhréireacht fhoilsiú na gcinntí sin maidir le bearta a mheastar a bheith gan mórán tábhachta a áirithiú.

Airteagal 26 4.
I gcás ina mbeidh an cinneadh faoi réir achomharc os comhair údarás breithiúnach náisiúnta, riarachán náisiúnta nó údarás náisiúnta eile, foilseoidh údaráis inniúla an fhaisnéis sin ar a suíomh gréasáin láithreach chomh maith le haon fhaisnéis a gheobhaidh siad ina dhiaidh sin faoi thoradh an achomhairc. Foilseofar aon chinneadh lena gcuirfear cinneadh faoi réir achomhairc ar neamhní freisin.
Airteagal 26 5.
Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚEUM ar an eolas faoi na smachtbhannaí riaracháin uile nó na bearta riaracháin eile a forchuireadh ach nár foilsíodh, i gcomhréir le pointe (c) d’fhomhír 3, lena n-áirítear aon achomharc i ndáil leis sin agus an toradh a bhí air. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na húdaráis inniúla faisnéis agus an breithiúnas críochnaitheach i ndáil le haon smachtbhanna coiriúil a forchuireadh agus go gcuirfidh siad an méid sin faoi bhráid ÚEUM. Chun faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla agus chun na gcríoch sin amháin, coinneoidh ÚEUM bunachar lárnach sonraí de smachtbhannaí riaracháin, de bhearta riaracháin eile agus de smachtbhannaí coiriúla a chuirfear in iúl dó. Is iad na húdaráis inniúla amháin a mbeidh rochtain acu ar an mbunachar sonraí sin agus déanfar é a nuashonrú ar bhonn na faisnéise a chuireann na húdaráis inniúla ar fáil.
Airteagal 26 6.
Áiritheoidh údaráis inniúla go leanfaidh rochtain ar aon chinneadh a fhoilseofar i gcomhréir leis an Airteagal seo ar a suíomh gréasáin go ceann tréimhse cúig bliana ar a laghad tar éis lá a fhoilsithe. Coimeádfar na sonraí pearsanta a áirítear sna cinntí sin ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil go ceann na tréimhse is gá i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas