+Airteagal 4 CMAnna a údarú
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.
---+Airteagal 4 6.
---+Airteagal 4 7.

Airteagal 4 CMAnna a údarú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 1.
Ní dhéanfar aon ghnóthas comhinfheistíochta a bhunú, a mhargú ná a bhainistiú san Aontas mar CMA ach amháin má údaraítear é i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Beidh an t-údarú sin bailí do na Ballstáit ar fad.

Airteagal 4 2.
Déanfar gnóthas comhinfheistíochta lena gceanglaítear údarú mar GCUI den chéad uair faoi Threoir 2009/65/CE agus mar CMA faoin Rialachán seo den chéad uair a údarú mar CMA mar chuid de nós imeachta údarúcháin GCUI de bhun Threoir 2009/65/CE.

I gcás go mbeidh gnóthas comhinfheistíochta údaraithe cheana mar GCUI faoi Threoir 2009/65/CE, is féidir leis iarratas a dhéanamh ar údarú mar CMA i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 4 agus i mír 5 den Airteagal seo.

Airteagal 4 3.
Déanfar gnóthas comhinfheistíochta ar CIM é a údarú mar CMA de bhun an nós imeachta údarúcháin a leagtar síos in Airteagal 5.
Airteagal 4 4.
Ní dhéanfar aon ghnóthas comhinfheistíochta a údarú mar CMA murar deimhin le húdarás inniúil CMA go mbeidh CMA ábalta ceanglais uile an Rialacháin seo a chomhlíonadh.
Airteagal 4 5.

Chun críocha údarúcháin mar CMA, cuirfidh gnóthas comhinfheistíochta na doiciméid seo a leanas faoi bhráid a údaráis inniúil:

(a) 

rialacha an chiste nó ionstraimí corpraithe CMA, lena n-áirítear léiriú ar an gcineál CMA atá ann as measc na cinn a leagtar amach in Airteagal 3(1);

(b) 

sainaithint bhainisteoir CMA;

(c) 

sainaithint an taiscí;

(d) 

tuairsic ar CMA atá ar fáil d'infheisteoirí, nó aon fhaisnéis faoi;

(e) 

tuairisc agus faisnéis faoi na socruithe agus na nósanna imeachta is gá chun na ceanglais dá dtagraítear i gCaibidil II go Caibidil VII a chomhlíonadh;

(f) 

aon fhaisnéis nó doiciméad eile a iarrann údarás inniúil CMA chun comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a fhíorú.

Airteagal 4 6.
Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚEUM ar an eolas, gach ráithe, faoi údaruithe arna dtabhairt nó arna dtarraingt siar de bhun an Rialacháin seo.
Airteagal 4 7.
Coinneoidh ÚEUM clár lárnach poiblí ina sainaithneofar gach CMA arna údarú faoin Rialachán seo mar aon lena chineál i gcomhréir le hAirteagal 3(1), cibé acu an CMA gearrthéarmach nó caighdeánach é, bainisteoir agus údarás inniúil CMA. Cuirfear an clár ar fáil i bhformáid leictreonach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas