+Airteagal 37a Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

Airteagal 37a Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

Airteagal 37a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

Ón 10 Eanáir 2030, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(7) den Rialachán seo inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ). Chun na críche sin, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), den Rialachán sin ná ESMA. Bainfidh ESMA na sonraí sin as an bhfaisnéis arna cur in iúl ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 4(6) den Rialachán seo chun an clár lárnach poiblí dá dtagraítear in Airteagal 4(7) den Rialachán seo a bhunú.

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a) 

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b) 

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i) 

ainmneacha uile an chiste lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii) 

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an chiste, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii) 

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv) 

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas