|
+Airteagal 46 2. |
Airteagal 46 2.San athbhreithniú sin déanfar an méid seo a leanas go háirithe:
(a)
anailíseofar an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus an tionchar atá aige ar infheisteoirí, ar CMAnna agus ar bhainisteoirí CMAnna san Aontas;
(b)
measúnófar an ról atá ag CMAnna i gceannach fiachais arna eisiúint nó arna ráthú ag na Ballstáit;
(c)
cuirfear san áireamh saintréithe an fhiachais arna eisiúint nó arna ráthú ag na Ballstáit agus an ról atá ag an bhfiachas sin i maoiniú na mBallstát;
(d)
cuirfear san áireamh an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 509(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(e)
cuirfear san áireamh tionchar an Rialacháin seo ar na margaí maoinithe gearrthéarmacha;
(f)
cuirfear forbairtí rialála ar an leibhéal idirnáisiúnta san áireamh. Faoin 21 Iúil 2022, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh maidir lena indéanta atá sé go mbunófar cuóta de 80 % le haghaidh fiachas poiblí AE. Beidh aird sa tuarascáil sin ar infhaighteacht ionstraimí fiachais phoiblí an Aontais agus déanfar measúnú inti ar a oiriúnaí a bheadh CMAnna de chineál LVNAV mar rogha mhalartach ar CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí neamh-AE. Má thagann an Coimisiún ar an tátal sa tuarascáil nach indéanta é cuóta de 80 % le haghaidh fiachas poiblí AE a thabhairt isteach ná céimniú amach a dhéanamh ar CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí a bhfuil méid neamhtheoranta d'fhiachas poiblí neamh-AE acu, tá sé leis na cúiseanna ina leith sin a thabhairt. I gcás ina dtagann an Coimisiún ar an tátal gurb indéanta é cuóta de 80 % le haghaidh fiachas poiblí AE a thabhairt isteach, féadfaidh an Coimisiún moltaí iomchuí a dhéanamh maidir le cuóta den sórt sin a thabhairt isteach, ina ndéanfaí 80 % ar a laghad de shócmhainní CMAnna de chineál CNAV haghaidh fiachas poiblí a infheistiú in ionstraimí fiachais phoiblí AE. Sa bhreis air sin, má thagann an Coimisiún ar an tátal gur rogha mhalartach iomchuí iad CMAnna de chineál LVNAV ar CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí neamh-AE, féadfaidh sé moltaí reachtacha iomchuí a dhéanamh maidir leis an maolú ar CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí a bhaint ina iomláine. Cuirfear torthaí an athbhreithnithe sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle araon, agus, beidh tograí iomchuí le haghaidh leasuithe ag gabháil leis na torthaí sin, i gcás inar gá. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|