4. Féadfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin tionscadail sluachistiúcháin sonrach a mholadh d’infheisteoirí aonair a bheidh ar aon dul le paraiméadar sonrach amháin nó níos mó nó táscaire riosca amháin nó níos mó arna roghnú ag an infheisteoir. I gcás inar mian leis an infheisteoir infheistiú sna tionscadail sluachistiúcháin atá molta, déanfaidh an t-infheisteoir athbhreithniú ar gach tairiscint sluachistiúcháin ar leith agus glacfaidh sé nó sí cinneadh infheistíochta go sonrach ina leith.
Na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin sin a chuireann bainistiú punainne aonair iasachtaí ar fáil, déanfaidh siad an méid sin agus iad ag cloí leis na paraiméadair arna dtabhairt ag na hinfheisteoirí agus déanfaidh siad gach céim is gá a ghlacadh chun an toradh is fearr is féidir a bhaint amach do na hinfheisteoirí sin. Nochtfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin d’infheisteoirí an próiseas cinnteoireachta chun an sainordú lánroghnach a fuarthas a fhorghníomhú.