+Airteagal 19 Faisnéis do chliaint
---+Airteagal 19 1
---+Airteagal 19 2
---+Airteagal 19 3
---+Airteagal 19 4
---+Airteagal 19 5
---+Airteagal 19 6
---+Airteagal 19 7
|
Airteagal 19 Faisnéis do chliaint
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1
|
1. An fhaisnéis uile, lena n-áirítear cumarsáidí margaíochta dá dtagraítear in Airteagal 27, a thugann soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin do chliaint fúthu féin, faoi na costais, na rioscaí airgeadais agus na muirir a bhaineann le seirbhísí sluachistiúcháin nó le hinfheistíochtaí, faoi na critéir roghnúcháin le haghaidh tionscadail sluachistiúcháin, agus faoi na cinealácha agus na rioscaí a bhaineann lena seirbhísí sluachistiúcháin, beidh an fhaisnéis sin cothrom, soiléir, agus ní bheidh sí míthreorach
|
|
Airteagal 19 2
|
2. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin in iúl dá gcliaint nach bhfuil a seirbhísí sluachistiúcháin cumhdaithe leis an scéim ráthaithe taiscí arna bunú i gcomhréir le Treoir 2014/49/AE agus nach bhfuil urrúis inaistrithe ná ionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin arna bhfáil trína n-ardán sluachistiúcháin cumhdaithe leis an scéim cúitimh d’infheisteoirí arna bunú i gcomhréir le Treoir 97/9/CE.
|
|
Airteagal 19 3
|
3. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a gcliaint ar an eolas faoin tréimhse mhachnaimh d’infheisteoirí neamhshofaisticiúla dá dtagraítear in Airteagal 22. Aon uair a dhéanfar tairiscint sluachistiúcháin, soláthróidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an fhaisnéis sin dá dtagraítear in áit fheiceálach den mheán, lena n-áirítear ar gach feidhmchlár móibíleach, agus soláthróidh sé í ar gach leathanach gréasáin ina ndéantar tairiscint den sórt sin.
|
|
Airteagal 19 4
|
4. Gach faisnéis atá le soláthar i gcomhréir le mír 1, cuirfear in iúl do chliaint í aon uair is iomchuí, ar a laghad sula ndéantar idirbheart sluachistiúcháin.
|
|
Airteagal 19 5
|
5. Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 6 ar fáil do na cliaint uile ar bhealach neamh-idirdhealaitheach ar roinn de shuíomh gréasáin an ardáin sluachistiúcháin atá sainaitheanta go soiléir.
|
|
Airteagal 19 6
|
6. Má chuireann soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin scóir chreidmheasa i bhfeidhm ar thionscadail sluachistiúcháin nó má mholann siad go ndéanfaí tairiscintí sluachistiúcháin a phraghsáil ar a n-ardán sluachistiúcháin, cuirfidh siad tuairisc ar fáil ar an modh a úsáidtear chun na scóir chreidmheasa nó na praghsanna sin a ríomh. Má tá an ríomh bunaithe ar chuntais nach ndéantar iniúchadh orthu, déanfar é sin a nochtadh go soiléir sa tuairisc ar an modh.
|
|
Airteagal 19 7
|
7. Forbróidh ÚBE, i ndlúthcomhar le ESMA, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
|
(a)
|
na heilimintí, lena n-áirítear an fhormáid, atá le cur san áireamh sa tuairisc ar an modh dá dtagraítear i mír 6;
|
|
(b)
|
an fhaisnéis agus na tosca a bhfuil le breithniú ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúchái agus measúnú riosca creidmheasa dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 4(4) agus luacháil ar iasacht dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 4(4) á ndéanamh acu;
|
|
(c)
|
na tosca atá ar soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a chur san áireamh le linn dó a áirithiú go bhfuil praghas iasachta atá á héascú aige cothrom agus iomchuí mar a thagraítear dó i bpointe (d) d’Airteagal 4(4);
|
|
(d)
|
íos-inneachair agus rialachas na mbeartas agus na nósanna imeachta a cheanglaítear faoin Airteagal seo agus íos-inneachair agus rialachas an chreata bainistíochta riosca dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 4(4).
|
Déanfaidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thíolacadh chuig an gCoimisiúin faoin 10 Bealtaine 2022.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|