7. Beidh an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí cothrom, soiléir agus ní bheidh sí míthreorach agus ní bheidh aon fhonótaí inti, seachas na fonótaí sin ina dtugtar tagairtí, lena n-áirítear sleachta i gcás inarb iomchuí, don dlí is infheidhme. Cuirfear i láthair í ar mheán aonair marthanach is féidir a dhealú go soiléir ó chumarsáidí margaíochta agus sé leathán ar a mhéad a bheidh inti i bhformáid leathanaigh A4 má chuirtear i gcló í. I gcás ionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin, nuair is mó ná aon leathán páipéir amháin A4 phriontáilte a thógtar suas leis an bhfaisnéis a éilítear faoi Chuid F d’Iarscríbhinn I, cuirfear an chuid eile ar fáil in iarscríbhinn a bheidh ag gabháil leis an mbileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí.