|
+Airteagal 23 1. |
Airteagal 23 1.Gan dochar do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le pionóis choiriúla, féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos lena mbunófar pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a bheidh infheidhme ar a laghad sna cásanna seo a leanas:
(a)
tá cead faighte ag institiúid creidmheasa le haghaidh clár bannaí faoi chumhdach trí bhíthin ráitis bhréagacha nó modhanna mírialta eile;
(b)
ní chomhlíonann institiúid creidmheasa na coinníollacha faoinar tugadh cead le haghaidh clár bannaí faoi chumhdach a thuilleadh;
(c)
eisíonn institiúid creidmheasa bannaí faoi chumhdach gan an cead a fháil i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 19;
(d)
mainníonn institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach na ceanglais a leagtar amach i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 4 a chomhlíonadh;
(e)
eisíonn institiúid creidmheasa bannaí faoi chumhdach nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 5;
(f)
eisíonn institiúid creidmheasa bannaí faoi chumhdach nach bhfuil comhthaobhaithe i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 6;
(g)
eisíonn institiúid creidmheasa bannaí faoi chumhdach atá comhthaobhaithe ag sócmhainní atá lonnaithe lasmuigh den Aontas, de shárú ar na ceanglais a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 7;
(h)
comhthaobhaíonn institiúid creidmheasa bannaí faoi chumhdach i struchtúr bannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú in inghrúpa, de shárú ar na ceanglais a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 8;
(i)
mainníonn institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach na coinníollacha le haghaidh comhchistithe a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 9 a chomhlíonadh;
(j)
mainníonn institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach na ceanglais maidir le comhdhéanamh an chomhthiomsaithe cumhdaigh a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 10 a chomhlíonadh;
(k)
mainníonn institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach na ceanglais maidir le conarthaí díorthach sa chomhthiomsú cumhdaigh a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 11 a chomhlíonadh;
(l)
mainníonn institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach na ceanglais maidir le leithscaradh na sócmhainní cumhdaigh i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 12 a chomhlíonadh;
(m)
mainníonn institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach faisnéis a thuairisciú nó cuireann sí faisnéis neamhiomlán nó mhíchruinn ar fáil, de shárú ar fhorálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 14;
(n)
mainníonn institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach, arís agus arís eile nó ar dhóigh leanúnach, maolán leachtachta comhthiomsaithe cumhdaigh a choimeád, de shárú ar fhorálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 16;
(o)
mainníonn institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach ag a bhfuil struchtúir aibíochta insínte na coinníollacha maidir le struchtúir aibíochta insínte a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 17 a chomhlíonadh;
(p)
mainníonn institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach faisnéis a thuairisciú nó cuireann sí faisnéis neamhiomlán nó mhíchruinn ar fáil faoina hoibleagáidí, de shárú ar fhorálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 21(2). Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan foráil a dhéanamh maidir le pionóis riaracháin nó bearta riaracháin eile i gcás sáruithe atá faoi réir pionóis choiriúla faoina ndlí náisiúnta. Sna cásanna sin, cuirfidh na Ballstáit forálacha ábhartha an dlí choiriúil in iúl don Choimisiún. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|