+Airteagal 11 1

Airteagal 11 1

1.   Féadfaidh soláthraí rátála ESG atá bunaithe san Aontas agus atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 8 rátálacha ESG arna soláthar ag soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a bhaineann leis an ngrúpa céanna a fhormhuiniú ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas uile:

(a)

go ndearna an soláthraí rátála ESG atá bunaithe san Aontas iarratas chuig ESMA ar an bhformhuiniú sin a údarú;

(b)

go gcomhlíonann an soláthraí rátála ESG atá bunaithe san Aontas na táscairí seo a leanas maidir le substaint íosta:

(i)

go bhfuil a áitreabh féin aige lena úsáid go heisiach i mBallstát;

(ii)

go bhfuil cuntas bainc gníomhach amháin ar a laghad dá chuid féin aige san Aontas; agus

(iii)

go bhfuil láithreacht anailíseach agus chinnteoireachta iomchuí aige san Aontas maidir le cineál, scála nó castacht a ghníomhaíochtaí san Aontas;

(c)

nach gcuireann formhuiniú na rátála ESG isteach ar cháilíocht an mheasúnaithe ar an mír rátáilte, nó ar eisitheoir na míre rátáilte, ná ar shocrú na n-athbhreithnithe nó na gcuairteanna ar an láthair, i gcás ina bhforáiltear dó sin sa mhodheolaíocht rátála ESG a úsáideann an soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas;

(d)

go bhfuil sé fíoraithe ag an soláthraí rátála ESG atá bunaithe san Aontas agus go bhfuil sé in ann a léiriú ar bhonn leanúnach do ESMA go gcomhlíonann eisiúint agus dáileadh na rátálacha ESG formhuinithe ceanglais atá chomh dian céanna ar a laghad le ceanglais an Rialacháin seo; go gceadófar don soláthraí rátála ESG atá bunaithe san Aontas comhlíonadh na gceanglas sin a léiriú gan a cheangal air tagairt a dhéanamh don phróiseas sonrach a leantar le haghaidh gach rátála aonair;

(e)

go bhfuil an saineolas is gá ag an soláthraí rátála ESG atá bunaithe san Aontas chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar na rátálacha ESG arna soláthar ag an soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas, chun aon rioscaí gaolmhara a bhainistiú;

(f)

go bhfuil cúis oibiachtúil ann gur gá rátálacha ESG a fhormhuiniú maidir lena n-úsáid san Aontas, a bhféadfadh go n-áireofaí leo tosca amhail sainiúlachtaí rátálacha ESG, an gá atá leis na rátálacha EGS a tháirgeadh i ngar don eisitheoir nó do réaltacht eacnamaíoch shonrach, tionscal ar leith, ionaid barr feabhais d’fho-chomhpháirteanna fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus daonna, nó fachtóirí rialachais, infhaighteacht scileanna sonracha is gá chun na rátálacha ESG a tháirgeadh, infhaighteacht ábhartha sonraí ionchuir agus forbairt rátálacha ESG trí chomhoibriú foirne domhanda;

(g)

go soláthraíonn an soláthraí rátála ESG atá bunaithe san Aontas an fhaisnéis uile is gá do ESMA arna iarraidh sin dó chun é a chur ar chumas ESMA maoirseacht a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ag an soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas, i gcás inarb ábhartha maidir leis an rátáil fhormhuinithe;

(h)

i gcás ina bhfuil soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas faoi réir maoirseachta, tá socrú iomchuí comhair i bhfeidhm idir ESMA agus údarás inniúil an tríú tír ina bhfuil an soláthraí rátála ESG bunaithe, chun malartú éifeachtúil faisnéise a áirithiú.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas