+Airteagal 42 Táillí maoirseachta
---+Airteagal 42 1
---+Airteagal 42 2

Airteagal 42 Táillí maoirseachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 42 1

1.   Déanfaidh ESMA táillí comhréireacha a ghearradh ar sholáthraithe rátála ESG i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 2. Cumhdófar go hiomlán leis na táillí sin caiteachas riachtanach ESMA maidir le maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe rátála ESG agus aisíoc aon chostas a d’fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus a gcúraimí á ndéanamh acu de bhun an Rialacháin seo, agus go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 43.

Airteagal 42 2

2.   Beidh méid táille aonair comhréireach le glanláimhdeachas bliantúil an tsoláthraí rátála ESG lena mbaineann.

Faoin 2 Eanáir 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 47 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chineál na dtáillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an t-údar atá leo faoi seach, an modh ina n-íocfar iad agus, i gcás inarb infheidhme, an bealach a aisíocfaidh ESMA na húdaráis inniúla a shonrú i leith aon chostas a d’fhéadfaidís a thabhú agus a gcúraimí á ndéanamh acu de bhun an Rialacháin seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 43. Bunófar leis na gníomhartha tarmligthe sin táillí atá comhréireach agus iomchuí maidir le méid na soláthraithe rátála ESG agus le méid a maoirseachta, go háirithe nuair a dhéantar iad a aicmiú mar sholáthraithe rátála ESG beaga.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas