+Airteagal 43 Cúraimí ESMA a tharmligean chuig na húdaráis inniúla
---+Airteagal 43 1
---+Airteagal 43 2
---+Airteagal 43 3
---+Airteagal 43 4
---+Airteagal 43 5

Airteagal 43 Cúraimí ESMA a tharmligean chuig na húdaráis inniúla

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 43 1

1.   I gcás inar gá chun cúram maoirseachta a dhéanamh go cuí, féadfaidh ESMA na cúraimí maoirseachta seo a leanas a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir leis na treoirlínte a d’eisigh ESMA de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010:

(a)

an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 32 den Rialachán seo;

(b)

an chumhacht chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a sheoladh i gcomhréir le hAirteagail 33 agus 34 den Rialachán seo.

Airteagal 43 2

2.   Sula ndéanfar cúram a tharmligean i gcomhréir le mír 1, rachaidh ESMA i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha faoi na nithe seo:

(a)

raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;

(b)

an tráthchlár chun an cúram a chomhlíonadh; agus

(c)

tarchur na faisnéise riachtanaí ag ESMA agus chuig ESMA.

Airteagal 43 3

3.   Aisíocfaidh ESMA leis an údarás inniúil ábhartha as costais arna dtabhú ar toradh iad ar chúraimí tarmligthe a chur i gcrích. Is é a bheidh sna costais a bheidh le haisíoc na costais sheasta uile, chomh maith leis na costais athraitheacha a bhaineann le feidhmiú na gcúraimí tarmligthe nó leis an gcúnamh arna sholáthar ag an údarás inniúil do ESMA.

Airteagal 43 4

4.   Athbhreithneoidh ESMA aon tarmligean arna dhéanamh i gcomhréir le mír 1 ag eatraimh iomchuí. Féadfaidh ESMA tarmligean a chúlghairm tráth ar bith.

Airteagal 43 5

5.   Ní dhéanfaidh tarmligean cúraimí difear do fhreagracht ESMA ná ní chuirfidh sé teorainn le cumas ESMA an ghníomhaíocht tharmligthe a dhéanamh agus a mhaoirsiú. Ní dhéanfaidh ESMA freagrachtaí maoirseachta a tharmligean, lena n-áirítear cinntí údaraithe, measúnuithe críochnaitheacha agus cinntí leantacha a bhaineann le sáruithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas