+Airteagal 45 Fógraí agus iarrataí fionraíochta ó na húdaráis inniúla
---+Airteagal 45 1
---+Airteagal 45 2
---+Airteagal 45 3
---+Airteagal 45 4

Airteagal 45 Fógraí agus iarrataí fionraíochta ó na húdaráis inniúla

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 45 1

1.   Údarás inniúil Ballstáit a chinneann go bhfuil gníomhartha lena sáraítear an Rialachán seo á ndéanamh nó déanta ag soláthraí rátála ESG ar chríoch a Bhallstáit féin nó ar chríoch Ballstáit eile, cuirfidh sé ESMA ar an eolas faoi sin. I gcás ina measann údarás inniúil gurb iomchuí é chun críoch imscrúdúcháin, féadfaidh an t-údarás inniúil sin a mholadh do ESMA go ndéanfadh sé measúnú ar an ngá atá le húsáid a bhaint as na cumhachtaí faoi Airteagal 32 i ndáil leis an soláthraí rátála ESG a bhfuil baint aige leis na gníomhartha sin.

Airteagal 45 2

2.   Déanfaidh ESMA gníomhaíocht iomchuí. Cuirfidh ESMA an t-údarás inniúil a thug an fógra ar an eolas faoin toradh agus, a mhéid is féidir, faoi aon fhorbairtí eatramhacha móra.

Airteagal 45 3

3.   Maidir le húdarás inniúil Ballstáit a thugann fógra a mheasann, i dtaca le soláthraí rátála ESG a liostaítear sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 14 a n-úsáidtear a rátálacha ESG laistigh de chríoch an Bhallstáit sin, go bhfuil an Rialachán seo sáraithe aige ar bhealach ina bhfuil tionchar mór ar chosaint infheisteoirí nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais sa Bhallstát sin, féadfaidh an t-údarás inniúil sin a iarraidh ar ESMA soláthar rátála ESG ag an soláthraí rátála ESG lena mbaineann a fhionraí. Tabharfaidh an t-údarás inniúil a thugann fógra na cúiseanna iomlána atá leis an iarraidh sin do ESMA.

Airteagal 45 4

4.   I gcás ina measann ESMA nach bhfuil bonn cirt leis an iarraidh dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh sé an t-údarás inniúil a thugann fógra ar an eolas faoi sin i scríbhinn, agus leagfaidh sé amach na cúiseanna lena thuairim. I gcás ina measann ESMA go bhfuil bonn cirt leis an iarraidh, déanfaidh sé bearta iomchuí chun an tsaincheist a réiteach agus cuirfidh sé an t-údarás inniúil a thugann fógra ar an eolas faoi sin i scríbhinn.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas