|
+Airteagal 31 1. |
Airteagal 31 1.Áiritheoidh an tÚdarás, laistigh de raon feidhme a chumhachtaí agus gan dochar do chumhachtaí na maoirseoirí airgeadais ábhartha, go ndéanfar coláistí maoirseachta AML/CFT san earnáil airgeadais a bhunú agus a fheidhmiú go comhsheasmhach le haghaidh bunaíochtaí oibriúcháin eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid i roinnt Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 49 de Threoir (AE) 2024/1640. Chuige sin, féadfaidh an tÚdarás:
(a)
coláiste a bhunú, i gcás nár bunaíodh coláiste den sórt sin fós cé go bhfuil na coinníollacha maidir lena bhunú a leagtar amach in Airteagal 49 de Threoir (AE) 2024/1640 comhlíonta, agus cruinnithe coláistí a thionól agus a eagrú;
(b)
cúnamh a thabhairt le heagrú cruinnithe coláiste, i gcás ina n-iarrfaidh na maoirseoirí airgeadais ábhartha amhlaidh;
(c)
cúnamh a thabhairt pleananna maoirseachta comhpháirteacha agus cigireachtaí comhpháirteacha ar an láthair nó imscrúduithe comhpháirteacha lasmuigh den láthair a eagrú;
(d)
an fhaisnéis ábhartha go léir a bhailiú agus a chomhroinnt i gcomhar leis na maoirseoirí airgeadais d’fhonn obair an choláiste a éascú agus an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar bhealach inrochtana d’údaráis an choláiste;
(e)
gníomhaíochtaí agus cleachtais mhaoirseachta éifeachtacha agus éifeachtúla a chur chun cinn, lena n-áirítear na rioscaí a mbeidh eintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid neamhchosanta orthu, nó a bhféadfadh eintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid a bheith neamhchosanta orthu, a mheas;
(f)
i gcomhréir leis na cúraimí agus na cumhachtaí a shonraítear sa Rialachán seo, formhaoirseacht a dhéanamh ar na cúraimí a chuireann na maoirseoirí airgeadais i gcrích; 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|