+Airteagal 13 Oibleagáidí na soláthraithe seirbhíse
---+Airteagal 13 1
---+Airteagal 13 2
---+Airteagal 13 3
---+Airteagal 13 4
---+Airteagal 13 5
|
Airteagal 13 Oibleagáidí na soláthraithe seirbhíse
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1
|
1. Áiritheoidh soláthraithe seirbhíse go ndearfaidh agus go soláthróidh siad seirbhísí i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo.
|
|
Airteagal 13 2
|
2. Ullmhóidh soláthraithe seirbhíse an fhaisnéis is gá i gcomhréir le hIarscríbhinn V agus míneoidh siad an tslí ina gcomhlíonann na seirbhísí na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme. Cuirfear an fhaisnéis ar fáil don phobal i bhformáid scríofa agus i bhformáid ó bhéal, lena n-áirítear ar bhealach atá inrochtana ag daoine faoi mhíchumas. Coimeádfaidh soláthraithe seirbhíse an fhaisnéis sin ar feadh thréimhse oibrithe na seirbhíse.
|
|
Airteagal 13 3
|
3. Gan dochar d’Airteagal 32, áiritheoidh soláthraithe seirbhíse go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm ionas go mbeidh soláthar seirbhísí i gcomhréir i gcónaí leis na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme. I dtaca le hathruithe ar ghnéithe sholáthar na seirbhíse, le hathruithe ar na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme, agus le hathruithe ar na caighdeáin chomhchuibhithe nó ar shonraíochtaí teicniúla trína ndearbhaítear go gcomhlíonann seirbhís na ceanglais inrochtaineachta, cuirfidh na soláthraithe seirbhíse san áireamh go leordhóthanach iad. I gcás neamhchomhréireachta, déanfaidh soláthraithe seirbhíse na bearta ceartaitheacha is gá chun go mbeidh an tseirbhís i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme.
|
|
Airteagal 13 4
|
4. I gcás neamhchomhréireachta, déanfaidh soláthraithe seirbhíse na bearta ceartaitheacha is gá chun go mbeidh an tseirbhís i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme. Thairis sin, i gcás nach gcomhlíonann an tseirbhís na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme, cuirfidh soláthraithe seirbhíse údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát ina gcuirtear an tseirbhís ar fáil ar an eolas gan mhoill ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bhearta ceartaitheacha a rinneadh.
|
|
Airteagal 13 5
|
5. Soláthróidh soláthraithe seirbhíse d’údarás inniúil, arna iarraidh sin dó ar bhonn réasúnaithe, an fhaisnéis uile a theastaíonn chun a thaispeáint go bhfuil an tseirbhís i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme. Comhoibreoidh siad leis an údarás sin, arna iarraidh sin do na húdaráis sin, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéantar chun an tseirbhís sin a thabhairt i gcomhréir leis na ceanglais sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|