+Legacy Systems risk assessment

Legacy Systems risk assessment

Conduct specific risk assessments on all legacy ICT systems, applications, or systems at least yearly. Perform assessments before and after connecting legacy ICT systems, applications, or systems.

1. Forbhreathnú

Teideal Caighdeán

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Rialacháin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Rialacháin ghaolmhara

Rialacháin
Foinse Rialáil
EULAW Airteagal 8 2

2.   Is ar bhonn leanúnach a shainaithneoidh eintitis airgeadais gach foinse riosca TFC, go háirithe neamhchosaint ar eintitis airgeadais eile agus neamhchosaint mar thoradh ar eintitis airgeadais eile, agus déanfaidh siad measúnú ar chibearbhagairtí agus ar leochaileachtaí TFC atá ábhartha dá bhfeidhmeanna tacaithe gnó TFC, dá sócmhainní faisnéise agus dá sócmhainní TFC. Déanfaidh eintitis airgeadais athbhreithniú rialta, uair sa bhliain ar a laghad, ar na cásanna riosca a bhfuil siad faoi thionchar acu.

EULAW Airteagal 8 3

3.   Déanfaidh eintitis airgeadais, nach micrifhiontair iad, measúnú riosca tar éis gach mórathraithe i mbonneagar an chórais gréasáin agus faisnéise, sna próisis nó sna nósanna imeachta a théann i gcion ar a bhfeidhmeanna tacaithe gnó TFC, ar a sócmhainní faisnéise nó a sócmhainní TFC.

EULAW Airteagal 8 7

7.   Déanfaidh eintitis airgeadais, nach micrifhiontair iad, measúnú sonrach ar riosca TFC ar gach córas TFC leagáide go rialta, agus uair sa bhliain ar a laghad, agus, i gcás ar bith roimh theicneolaíochtaí, feidhmchláir nó córais a nascadh agus ina dhiaidh sin.

EULAW Airteagal 8 4

4.   Sainaithneoidh eintitis airgeadais gach sócmhainn faisnéise agus gach sócmhainn TFC, lena n-áirítear na cinn ar shuíomhanna cianda, acmhainní gréasáin agus an trealamh crua-earraí, agus déanfaidh siad mapáil ar na cinn a meastar gur trealamh criticiúil iad. Déanfaidh siad mapáil ar chumraíocht na sócmhainní faisnéise agus sócmhainní TFC agus ar na naisc agus na hidirspleáchais idir na sócmhainní faisnéise agus sócmhainní TFC éagsúla.

EULAW Airteagal 13 1

1.   Beidh cumais agus foireann i bhfeidhm ag eintitis airgeadais chun faisnéis a bhailiú ar leochaileachtaí agus cibearbhagairtí, ar theagmhais a bhaineann le TFC, go háirithe cibirionsaithe, agus chun an tionchar is dócha a bheidh acu ar a n-athléimneacht dhigiteach oibríochtúil a anailísiú.