+Resilient Systems
|
Resilient Systems
Use and maintain ICT systems, protocols, and tools that are up to date and:
- Tailored to the magnitude of ICT operations
- Reliable
- Equipped with sufficient capacity to accurately process data and to deal with peak orders, message or transaction volumes as needed
- Technologically resilient to deal with additional processing needs under stressed market conditions or other adverse market conditions
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Rialacháin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Rialacháin ghaolmhara
Rialacháin
| Foinse |
Rialáil |
|
EULAW
|
Airteagal 8 1
1. Mar chuid den chreat bainistíochta rioscaí TFC dá dtagraítear in Airteagal 6(1), déanfaidh eintitis airgeadais gach feidhm thacaithe ghnó TFC, róil agus freagrachtaí, na sócmhainní faisnéise agus na sócmhainní TFC lena dtacaítear leis na feidhmeanna sin, agus a róil agus a spleáchais maidir le riosca TFC a shainaithint, a aicmiú agus a dhoiciméadú go leordhóthanach. Déanfaidh eintitis airgeadais athbhreithniú de réir mar is gá, agus uair sa bhliain ar a laghad, ar leordhóthanacht an aicmiúcháin sin chomh maith le haon doiciméadacht ábhartha.
|
|
EULAW
|
Airteagal 7 Córais, prótacail agus uirlisí TFC
Chun aghaidh a thabhairt ar riosca TFC agus chun an riosca sin a bhainistiú, bainfidh na heintitis airgeadais úsáid as córais, prótacail agus uirlisí TFC nuashonraithe a bheidh:
|
|
EULAW
|
Airteagal 8 5
5. Déanfaidh eintitis airgeadais na próisis uile a bhraitheann ar sholáthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí a shainaithint agus a dhoiciméadú, agus sainaithneoidh siad idirnaisc le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí a chuireann seirbhísí ar fáil lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha.
|
|
EULAW
|
Airteagal 8 6
6. Chun críocha mhíreanna 1, 4 agus 5, coinneoidh eintitis airgeadais fardail ábhartha agus tabharfaidh siad na fardail sin cothrom le dáta go tréimhsiúil agus gach aon uair a dhéanfar mórathrú dá dtagraítear i mír 3.
|
|
EULAW
|
Airteagal 4 1.
Mar chuid de na beartais, nósanna imeachta, prótacail agus uirlisí slándála TFC dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2022/2554, déanfaidh eintitis airgeadais beartas bainistithe sócmhainní TFC a fhorbairt, a dhoiciméadú agus a chur chun feidhme.
|
|
EULAW
|
Airteagal 4 2.
Leis an mbeartas bainistithe sócmhainní TFC dá dtagraítear i mír 1, déanfar na nithe seo a leanas:
(a)
an faireachán agus an bhainistíocht ar shaolré sócmhainní TFC a shainaithnítear agus a aicmítear i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2022/2554 a fhorordú;
(b)
a fhorordú go gcoimeádfaidh an t-eintiteas airgeadais taifid ar na nithe uile seo a leanas:
(i)
aitheantóir uathúil gach sócmhainne TFC;
(ii)
faisnéis maidir le suíomh na sócmhainní TFC uile, bíodh sé ina shuíomh fisiceach nó loighciúil;
(iii)
aicmiú na sócmhainní TFC uile, dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2022/2254;
(iv)
céannacht úinéirí sócmhainne TFC;
(v)
na feidhmeanna nó seirbhísí gnó a dtacaíonn an tsócmhainn TFC leo;
(vi)
na ceanglais maidir le leanúnachas gnó TFC, lena n-áirítear cuspóirí aga athshlánaithe agus cuspóirí pointí athshlánaithe;
(vii)
an féidir an tsócmhainn TFC a nochtadh do ghréasáin sheachtracha, lena n-áirítear an t-idirlíon, nó an bhfuil sí nochta dóibh;
(viii)
na naisc agus na hidirspleáchais i measc sócmhainní TFC agus na feidhmeanna gnó a úsáideann gach sócmhainn TFC;
(ix)
i gcás inarb infheidhme, maidir le gach sócmhainn TFC, dátaí deiridh sheirbhísí tráthrialta, leathnaithe agus saincheaptha an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí ar ina ndiaidh nach dtacaíonn a soláthróir nó soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí leis na sócmhainní TFC sin a thuilleadh;
(c)
i gcás eintitis airgeadais seachas micrifhiontair, a fhorordú go gcoimeádfaidh na heintitis airgeadais sin taifid ar an bhfaisnéis is gá chun measúnú riosca TFC sonrach a dhéanamh ar na córais TFC leagáide uile dá dtagraítear in Airteagal 8(7) de Rialachán (AE) 2022/2554.
|
|
EULAW
|
Airteagal 5 1.
Déanfaidh eintitis airgeadais nós imeachta um bainistiú sócmhainní TFC a fhorbairt, a dhoiciméadú agus a chur chun feidhme.
|
|
EULAW
|
Airteagal 5 2.
Leis an nós imeachta um bainistiú sócmhainní TFC dá dtagraítear i mír 1, sonrófar na critéir chun an measúnú criticiúlachta a dhéanamh ar shócmhainní faisnéise agus sócmhainní TFC lena dtacaítear le feidhmeanna gnó. Cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh sa mheasúnú sin:
(a)
an riosca TFC a bhaineann leis na feidhmeanna gnó sin agus a spleáchais ar na sócmhainní faisnéise nó na sócmhainní TFC;
(b)
cén tionchar ar phróisis agus gníomhaíochtaí gnó na n-eintiteas airgeadais a bheadh ann dá gcaillfí rúndacht, sláine agus infhaighteacht na sócmhainní faisnéise agus na sócmhainní TFC sin.
|
|