+Business Continuity Policy
|
Business Continuity Policy
Establish an ICT business continuity policy that enables the continuity of critical or important functions, ensures rapid response to incidents, facilitates the resumption of activities, deployment of containment measures, activation and deactivation of response and recovery procedures, estimation of impact, damage, and losses, and provides clear communication to relevant stakeholders. Regularly review the business continuity policy and make necessary adjustments to enhance effectiveness.
Refer to Articles 24.2-4 of the RTS RM for specific requirements for Central counterparties, Trading venues, and Central security depositories.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Rialacháin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Rialacháin ghaolmhara
Rialacháin
| Foinse |
Rialáil |
|
EULAW
|
Airteagal 11 1
1. Mar chuid de chreat bainistíochta riosca TFC dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus bunaithe ar na ceanglais sainaitheantais a leagtar amach in Airteagal 8, cuirfidh eintitis airgeadais beartas cuimsitheach leanúnachais gnó TFC i bhfeidhm, a d’fhéadfaí a ghlacadh mar bheartas tiomnaithe sonrach mar chuid lárnach de bheartas foriomlán leanúnachais gnó é.
|
|
EULAW
|
Airteagal 11 6
6. Mar chuid dá mbainistíocht chuimsitheach riosca TFC, déanfaidh eintitis airgeadais na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
pleananna leanúnachais gnó TFC agus pleananna freagartha agus athshlánaithe TFC a thástáil i ndáil le córais TFC lena dtacaítear leis na feidhmeanna uile ar bhonn bliantúil ar a laghad, agus i gcás aon mhórathruithe ar chórais TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha;
|
|
(b)
|
tástáil ar na pleananna cumarsáide géarchéime a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 14.
|
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), áireoidh eintitis airgeadais, nach micrifhiontair iad, sna pleananna tástála faoi chásanna cibirionsaithe agus lascaistrithe idir príomhbhonneagar TFC agus an acmhainneacht iomarcach, cúltacaí agus saoráidí iomarcacha is gá chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 12 a chomhlíonadh.
Athbhreithneoidh eintitis airgeadais a mbeartas leanúnachais gnó TFC agus a bpleananna freagartha agus athshlánaithe TFC go tráthrialta agus torthaí na dtástálacha, arna ndéanamh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus le moltaí a eascraíonn as seiceálacha iniúchta nó athbhreithnithe maoirseachta, á gcur san áireamh.
|
|
EULAW
|
Airteagal 11 2
2. Cuirfidh eintitis airgeadais an beartas leanúnachais gnó TFC chun feidhme trí shocruithe, pleananna, nósanna imeachta agus sásraí tiomnaithe, iomchuí agus doiciméadaithe, a bhfuil mar aidhm leo:
|
(a)
|
leanúnachas fheidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha an eintitis airgeadais a áirithiú;
|
|
(b)
|
freagairt ar gach teagmhas a bhaineann le TFC, agus iad a réiteach, go tapa, go hiomchuí agus go héifeachtach, ar bhealach ina gcuirtear teorainn leis an dochar agus lena dtugtar tús áite d’atosú na ngníomhaíochtaí agus na mbeart athshlánaithe;
|
|
(c)
|
pleananna tiomnaithe a ghníomhachtú, gan mhoill, lena gcumasaítear bearta, próisis agus teicneolaíochtaí srianta atá in oiriúint do gach cineál teagmhais a bhaineann le TFC agus dochar eile a chosc, chomh maith le nósanna imeachta saincheaptha freagartha agus athshlánaithe a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 12;
|
|
(d)
|
tionchair, dochar agus caillteanais tosaigh a mheas;
|
|
(e)
|
gníomhaíochtaí cumarsáide agus bainistíochta géarchéime a leagan amach lena n-áirithítear go seoltar faisnéis cothrom le dáta chuig gach ball foirne inmheánach ábhartha agus gach geallsealbhóir seachtrach ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 14, agus tuairisciú do na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 19.
|
|
|
EULAW
|
Airteagal 11 4
4. Déanfaidh eintitis airgeadais pleananna leanúnachais gnó TFC iomchuí a chur i bhfeidhm, a choinneáil ar bun, agus a thástáil go tréimhsiúil, go háirithe maidir le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha arna seachfhoinsiú nó arna gcur amach ar conradh trí shocruithe le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí.
|
|
EULAW
|
Airteagal 11 5
5. Mar chuid den bheartas foriomlán leanúnachais gnó, déanfaidh eintitis airgeadais anailís ar thionchar gnó a neamhchosaintí ar mhórbhristeacha gnó. Faoin anailís ar thionchar gnó, measúnóidh eintitis airgeadais an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag mórbhristeacha gnó trí bhíthin critéir chainníochtúla agus cháilíochtúla, agus úsáid á baint as sonraí inmheánacha agus seachtracha agus anailís ar chásanna, de réir mar is iomchuí. Measfar san anailís ar thionchar gnó criticiúlacht na bhfeidhmeanna sainaitheanta agus mapáilte gnó, na bpróiseas tacaíochta, na spleáchas tríú páirtí agus na sócmhainní faisnéise, agus a n-idirspleáchais. Áiritheoidh eintitis airgeadais go ndéanfar sócmhainní TFC agus seirbhísí TFC a cheapadh agus a úsáid i gcomhréir iomlán leis an anailís ar thionchar gnó, go háirithe maidir le hiomarcaíocht na gcomhpháirteanna criticiúla uile a áirithiú ar bhealach leordhóthanach.
|
|
EULAW
|
Airteagal 11 7
7. Beidh, feidhm bhainistíochta géarchéime ag eintitis airgeadais, nach micrifhiontair iad, ina leagfar amach, i gcás ina ngníomhachtófar a bpleananna leanúnachais gnó TFC nó a bpleananna freagartha agus athshlánaithe TFC, inter alia, nósanna imeachta soiléire chun cumarsáid inmheánach agus sheachtrach i gcás géarchéime a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 14.
|
|
EULAW
|
Airteagal 11 8
8. Coimeádfaidh eintitis airgeadais taifid sho-inrochtana ar ghníomhaíochtaí roimh imeachtaí bristeacha agus lena linn nuair a ghníomhachtófar a bpleananna leanúnachais gnó TFC nó a bpleananna freagartha agus athshlánaithe TFC.
|
|
EULAW
|
Airteagal 11 9
9. Cuirfidh taisclanna lárnacha urrús cóipeanna de thorthaí na dtástálacha ar leanúnachas gnó TFC, nó de thorthaí cleachtaí eile den sórt sin, ar fáil do na húdaráis inniúla.
|
|
EULAW
|
Airteagal 11 10
10. Tuairisceoidh eintitis airgeadais, nach micrifhiontair iad, d’údaráis inniúla, arna iarraidh sin dóibh, meastachán ar chostais agus caillteanais chomhiomlánaithe bhliantúla de dheasca mórtheagmhais a bhaineann le TFC.
|
|
EULAW
|
Airteagal 14 1
1. Mar chuid de chreat bainistíochta riosca TFC dá dtagraítear in Airteagal 6(1), beidh pleananna cumarsáide géarchéime i bhfeidhm ag eintitis airgeadais lena gcumasófar, ar a laghad, mórtheagmhais a bhaineann le TFC nó leochaileachtaí a nochtadh ar bhealach freagrach do chliaint agus contrapháirtithe agus don phobal chomh maith, de réir mar is iomchuí.
|
|
EULAW
|
Airteagal 24 1.
Áireoidh eintitis airgeadais ina mbeartas um leanúnachas gnó TFC dá dtagraítear in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2022/2554 an méid uile a leanas:
(a)
tuairisc ar an méid seo a leanas:
(i)
cuspóirí an bheartais um leanúnachas gnó TFC, lena n-áirítear idirghaolmhaireacht TFC agus leanúnachas gnó foriomlán, agus breithniú ar thorthaí an mheasúnaithe ar thionchar gnó dá dtagraítear in Airteagal 11(5) de Rialachán (AE) 2022/2554;
(ii)
raon feidhme na socruithe, pleananna, nósanna imeachta, agus sásraí um leanúnachas gnó TFC, lena n-áirítear teorainneacha agus eisiaimh;
(iii)
an tráthchlár le cumhdach sna socruithe, pleananna, nósanna imeachta, agus sásraí um leanúnachas gnó TFC;
(iv)
na critéir chun pleananna um leanúnachas gnó TFC, pleananna freagartha agus athshlánaithe TFC, agus pleananna cumarsáide géarchéime a ghníomhachtú agus a dhíghníomhachtú;
(b)
forálacha maidir le:
(i)
rialachas agus eagraíocht chun beartas um leanúnachas gnó TFC a chur chun feidhme, lena n-áirítear róil, freagrachtaí agus nósanna imeachta méadúcháin trína n-áirithítear go bhfuil acmhainní leordhóthanacha ar fáil;
(ii)
an t-ailíniú idir pleananna um leanúnachas gnó TFC agus na pleananna um leanúnachas gnó foriomlána, a bhaineann le ceann amháin ar a laghad díobh seo a leanas:
(1)
cásanna teipthe féideartha, lena n-áirítear na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 26(2) den Rialachán seo;
(2)
cuspóirí athshlánaithe, ina sonraítear go mbeidh an t-eintiteas airgeadais in ann oibríochtaí a fheidhmeanna ríthábhachtacha nó tábhachtacha a athshlánú tar éis suaitheadh laistigh de chuspóir aga athshlánaithe agus cuspóir pointe téarnaimh;
(iii)
forbairt pleananna um leanúnachas gnó TFC maidir le mórbhristeacha gnó mar chuid den na pleananna sin, agus tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí um leanúnachas gnó TFC ag úsáid cur chuige rioscabhunaithe;
(iv)
forbairt, tástáil agus athbhreithniú ar phleananna freagartha agus athshlánaithe, i gcomhréir le hAirteagail 25 agus 26 den Rialachán seo.;
(v)
athbhreithniú ar éifeachtacht na socruithe, pleananna, nósanna imeachta agus sásraí um leanúnachas gnó TFC, i gcomhréir le hAirteagal 26 den Rialachán seo;
(vi)
ailíniú bheartais um leanúnachas gnó TFC leis an méid a leanas:
(1)
an beartas cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2022/2554;
(2)
na gníomhaíochtaí cumarsáide agus géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 11(2), pointe (e), de Rialachán (AE) 2022/2554.
|
|
EULAW
|
Airteagal 24 2.
I dteannta na gceanglas dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh contrapháirtithe lárnacha an méid a leanas maidir lena mbeartas um leanúnachas gnó TFC:
(a)
go bhfuil aga athshlánaithe uasta ann dá bhfeidhmeanna ríthábhachtacha nach bhfuil níos faide ná 2 uair an chloig;
(b)
go dtugtar san áireamh ann naisc agus idirspleáchais seachtracha laistigh de na bonneagair airgeadais, lena n-áirítear ionaid trádála arna n-imréiteach ag an gcontrapháirtí lárnach, córais socraíochta urrús agus íocaíochta, agus institiúidí creidmheasa a úsáideann an contrapháirtí lárnach nó contrapháirtí lárnach nasctha;
(c)
go gceanglaítear ann go mbíonn socruithe i bhfeidhm chun:
(i)
leanúnachas fheidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha an chontrapháirtí lárnaigh bunaithe ar chásanna tubaiste a áirithiú;
(ii)
suíomh próiseála tánaisteach a choinneáil ar bun inar féidir leanúnachas fheidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha an chontrapháirtí lárnaigh díreach cosúil leis an bpríomhshuíomh a áirithiú;
(iii)
suíomh gnó tánaisteach a choinneáil ar bun nó rochtain láithreach a bheith air, lena cheadú don fhoireann leanúnachas seirbhíse a áirithiú mura mbíonn an príomhshuíomh gnó ar fáil;
(iv)
breithniú a dhéanamh ar an ngá le suíomhanna próiseála breise, go háirithe i gcás nach bhfuil dóthain muiníne in éagsúlacht phríomhshuíomhanna nó suíomhanna tánaisteacha go gcomhlíonfar cuspóirí um leanúnachas gnó an chontrapháirtí lárnaigh i ngach cás.
Chun críocha phointe (a), comhlánóidh contrapháirtithe lárnacha nósanna imeachta agus íocaíochtaí dheireadh an lae ar an am agus lá a éilítear sna himthosca uile. Chun críocha phointe (c)(i), tabharfar aghaidh ar infhaighteacht acmhainní daonna leordhóthanacha, aga neamhfhónaimh uasta d’fheidhmeanna criticiúla, agus uath-lascaistriú agus aisghabháil chuig suíomh tánaisteach sna socruithe dá dtagraítear sa phointe sin. Chun críocha phointe (c)(ii), beidh próifíl riosca gheografach ag an suíomh próiseála tánaisteach dá dtagraítear sa phointe sin, atá sainiúil ó phróifíl an phríomhshuímh.
|
|
EULAW
|
Airteagal 24 3.
I dteannta na gceanglas dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh taisclanna lárnacha urrús an méid a leanas maidir lena mbeartas um leanúnachas gnó TFC:
(a)
tugtar san áireamh ann aon naisc agus idirspleáchais le húsáideoirí, fóntais chriticiúla agus soláthraithe seirbhíse criticiúla, taisclanna lárnacha urrús eile agus bonneagair eile an mhargaidh;
(b)
ceanglaítear leis ar a shocruithe um leanúnachas gnó TFC a áirithiú nach mbeidh an cuspóir aga athshlánaithe dá bhfeidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha níos faide ná 2 uair an chloig.
|
|
EULAW
|
Airteagal 24 4.
I dteannta na gceanglas dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh ionaid trádála go n-áirithítear an méid a leanas maidir lena mbeartas um leanúnachas gnó TFC:
(a)
gur féidir trádáil a atosú laistigh de 2 uair an chloig nó gar don am sin tar éis teagmhas suaiteach;
(b)
go bhfuil an uasmhéid sonraí is féidir a chailleadh ó aon seirbhís TF de chuid an ionaid trádála tar éis teagmhas suaiteach gar do nialas.
|
|
EULAW
|
Airteagal 25 1.
I gcás ina bhfuil pleananna um leanúnachas gnó TFC á dtástáil i gcomhréir le hAirteagal 11(6), Rialachán (AE) 2022/2554, tabharfaidh eintitis airgeadais san áireamh measúnú ar thionchar gnó agus measúnú riosca TFC an eintitis airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (b), den Rialachán seo.
|
|
EULAW
|
Airteagal 25 2.
Déanfaidh eintitis airgeadais measúnú trína bpleananna um leanúnachas gnó TFC dá dtagraítear i mír 1 a thástáil, cé acu an bhfuil siad in ann leanúnachas fheidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha an eintitis airgeadais a áirithiú. Maidir leis an tástáil:
(a)
déanfar í ar bhonn cásanna tástála ina n-ionsamhlaítear suaitheadh féideartha, lena n-áirítear sraith leordhóthanach cásanna diana ach inchreidte;
(b)
beidh tástáil na seirbhísí TFC arna soláthar ag soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí, i gcás inarb infheidhme;
(c)
i gcás eintitis airgeadais, seachas micrifhiontair, dá dtagraítear in Airteagal 11(6), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2022/2554, beidh cásanna ann lascaistrithe ón bpríomhbhonneagar TFC chuig an acmhainneacht iomarcach, cúltacaí agus saoráidí iomarcacha;
(d)
dearfar iad chun dúshlán a thabhairt do na toimhdí ar a bhfuil na pleananna um leanúnachas gnó bunaithe, lena n-áirítear socruithe rialachais agus pleananna cumarsáide géarchéime;
(e)
beidh nósanna imeachta iontu chun cumas fhoireann na n-eintiteas airgeadais, soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí, córas TFC, agus seirbhísí TFC a fhíorú le freagairt go leordhóthanach do chásanna a thugtar san áireamh go cuí i gcomhréir le hAirteagal 26(2).
Chun críocha phointe (a), áiritheoidh eintitis airgeadais i gcónaí sa tástáil na cásanna arna mbreithniú maidir le pleananna um leanúnachas gnó a fhorbairt. Chun críocha phointe (b), déanfaidh eintitis airgeadais breithniú cuí ar chásanna nasctha le dócmhainneacht nó teipeanna soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí nó nasctha le rioscaí polaitiúla i ndlínsí na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí, i gcás inarb ábhartha. Chun críocha phointe (c), fíorófar sa tástáil cé acu an féidir feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha ar a laghad a oibriú go hiomchuí ar feadh tréimhse ama leordhóthanach, agus cé acu an féidir gnáthfheidhmiú a aischur.
|
|
EULAW
|
Airteagal 25 3.
I dteannta na gceanglas dá dtagraítear i mír 2, beidh tástáil ar phleananna um leanúnachas gnó TFC dá dtagraítear i mír 1 i gceist le contrapháirtithe lárnacha:
(b)
soláthraithe seachtracha;
(c)
institiúidí ábhartha sa bhonneagar airgeadais lenar sainaithníodh contrapháirtithe lárnacha idirspleáchais ina mbeartais um leanúnachas gnó.
|
|
EULAW
|
Airteagal 25 4.
I dteannta na gceanglas dá dtagraítear i mír 2, beidh tástáil ar phleananna um leanúnachas gnó TFC dá dtagraítear i mír 1 i gceist le taisclanna lárnacha urrús, de réir mar is iomchuí:
(a)
úsáideoirí taisclann lárnach urrús;
(b)
fóntais chriticiúla agus soláthraithe seirbhíse criticiúla;
(c)
taisclanna lárnacha urrús eile;
(d)
bonneagair eile an mhargaidh;
(e)
aon institiúid eile lena bhfuil idirspleáchais ina mbeartas leanúnachais gnó arna sainaithint ag taisclanna lárnacha urrús.
|
|
EULAW
|
Airteagal 25 5.
Doiciméadóidh eintitis airgeadais torthaí na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1. Déanfar anailís ar aon easnamh a eascraíonn as an tástáil sin a sainaithníodh, tabharfar aghaidh air, agus déanfar é a thuairisciú don chomhlacht bainistíochta.
|
|
EULAW
|
Airteagal 26 1.
I gcás ina bhfuil na pleananna freagartha agus athshlánaithe TFC dá dtagraítear in Airteagal 11(3), Rialachán (AE) 2022/2554 á bhforbairt, tabharfaidh eintitis airgeadais san áireamh torthaí an mheasúnaithe ar thionchar gnó. Maidir leis na pleananna freagra agus athshlánaithe TFC sin:
(a)
sonrófar na coinníollacha a spreagann a ngníomhachtú nó a ndíghníomhachtú, agus aon eisceacht le gníomhachtú nó díghníomhachtú den sórt sin;
(b)
tabharfar tuairisc ann ar na gníomhaíochtaí atá le glacadh chun infhaighteacht, sláine, leanúnachas, agus athshlánú ar chórais TFC agus seirbhísí a thacaíonn le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha an eintitis airgeadais, agus ar na córais agus na seirbhísí sin ar a laghad;
(c)
dearfar iad chun cuspóirí athshlánaithe oibríochtaí na n-eintiteas airgeadais a chomhlíonadh;
(d)
doiciméadófar iad agus cuirfear ar fáil iad don fhoireann atá bainteach i gcur i bhfeidhm phleananna freagartha agus athshlánaithe TFC agus beidh sé inrochtana go héasca i gcás éigeandála;
(e)
déanfar foráil iontu maidir le roghanna athshlánaithe gearrthéarmacha agus fadtéarmacha, lena n-áirítear athshlánú córas páirteach;
(f)
leagfar síos iontu cuspóirí na bpleananna freagartha agus athshlánaithe TFC agus na coinníollacha chun cur i bhfeidhm rathúil na bpleananna sin a dhearbhú.
Chun críocha phointe (d), sonróidh eintitis airgeadais go soiléir róil agus freagrachtaí.
|
|
EULAW
|
Airteagal 26 2.
Sainaithneofar sna pleananna freagartha agus athshlánaithe TFC dá dtagraítear i mír 1 na cásanna ábhartha, lena n-áirítear cásanna de mórbhristeacha gnó agus seans níos mó go dtarlóidh suaitheadh. Forbrófar sna pleananna sin cásanna bunaithe ar an bhfaisnéis atá faoi láthair maidir le bagairtí agus ceachtanna a foghlaimíodh ó tharluithe roimhe seo de bhristeacha gnó. Tabharfaidh eintitis airgeadais san áireamh go cuí na cásanna uile a leanas:
(a)
cibirionsaithe agus lacaistrithe idir an príomhbhonneagar TFC agus an acmhainneacht iomarcach, cúltacaí agus saoráidí iomarcacha;
(b)
cásanna insamhlaithe ina dtagann meathlúchán ar cháilíocht soláthair feidhme criticiúla nó feidhme tábhachtaí go mbeidh an cháilíocht ar leibhéal do-ghlactha nó go gcliseann ar an soláthar, agus go measfar go cuí sa tástáil tionchar féideartha na dócmhainneachta ag aon soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí ábhartha nó an tionchar a bhainfeadh le haon chliseadh eile orthu;
(c)
teipeadh páirteach nó iomlán an áitribh, lena n-áirítear oifig agus áitreabh gnó, agus lárionaid sonraí;
(d)
teip shubstaintiúil sócmhainní TFC nó bonneagair cumarsáide;
(e)
neamh-infhaighteacht líon criticiúil foirne nó comhaltaí foirne i gceannas ar leanúntas oibríochtaí a ráthú;
(f)
tionchar an athraithe aeráide agus teagmhais a bhaineann le díghrádú comhshaoil, tubaistí nádúrtha, paindéimí, agus ionsaithe fisiciúla, lena n-áirítear ionraí agus ionsaithe sceimhlitheoireachta;
(h)
éagobhsaíocht pholaitiúil agus shóisialta, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, i ndlínse na soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí agus an suíomh ina stóráiltear agus ina bpróiseáiltear na sonraí;
(i)
gearrthacha cumhachta forleathana.
|
|
EULAW
|
Airteagal 26 3.
I gcás ina bhféadfaí nach indéanta príomhbhearta athshlánaithe a chur i bhfeidhm sa ghearrthéarma mar gheall ar chostais, rioscaí, lóistíocht, nó imthosca gan choinne, breithneofar roghanna malartacha sna pleananna freagartha agus athshlánaithe dá dtagraítear i mír 1.
|
|
EULAW
|
Airteagal 26 4.
Mar chuid de na pleananna freagartha agus athshlánaithe TFC dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh eintitis airgeadais breithniú agus cuirfidh siad chun feidhme bearta leanúnachais chun teipeanna soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí de sheirbhísí tacaíochta TFC criticiúla nó feidhmeanna tábhachtacha an eintitis airgeadais a mhaolú.
|
|