+Business Continuity Oversight
|
Business Continuity Oversight
The Management body reviews and approves periodically (e.g. annually) the ICT business continuity policy and the ICT response and recovery plans.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Rialacháin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Rialacháin ghaolmhara
Rialacháin
| Foinse |
Rialáil |
|
EULAW
|
Airteagal 5 1
1. Beidh creat rialachais agus rialaithe inmheánaigh i bhfeidhm ag eintitis airgeadais lena n-áirithítear bainistíocht éifeachtach stuama i gcás gach riosca TFC, i gcomhréir le hAirteagal 6(4), chun ardchaighdeán athléimneachta digití oibríochtúla a bhaint amach.
|
|
EULAW
|
Airteagal 5 2
2. Déanfaidh comhlacht bainistíochta an eintitis airgeadais cur chun feidhme na socruithe uile a bhaineann le creat bainistíochta riosca TFC dá dtagraítear in Airteagal 6(1) a shainiú, a fhormheas, agus a fhormhaoirsiú, agus is é a bheidh freagrach as na socruithe sin a chur chun feidhme.
Chun críocha na chéad fhomhíre, maidir leis an gcomhlacht bainistíochta:
|
(a)
|
is air a bheidh an fhreagracht deiridh as rioscaí TFC an eintitis airgeadais a bhainistiú;
|
|
(b)
|
cuirfidh sé beartais i bhfeidhm lena ndírítear ar a áirithiú go gcoimeádfar ardchaighdeáin infhaighteachta, barántúlachta, sláine agus rúndachta sonraí;
|
|
(c)
|
leagfaidh sé síos róil agus freagrachtaí soiléire le haghaidh gach feidhme a bhaineann le TFC agus bunóidh sé socruithe iomchuí rialachais chun cumarsáid, comhar agus comhordú atá éifeachtach agus tráthúil i measc na bhfeidhmeanna sin a áirithiú;
|
|
(d)
|
is air a bheidh an fhreagracht fhoriomlán as an straitéis athléimneachta digití oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 6(8) a leagan amach agus a fhormheas, lena n-áirítear an leibhéal lamháltais riosca iomchuí maidir le riosca TFC an eintitis airgeadais, dá dtagraítear in Airteagal 6(8), pointe (b), a chinneadh;
|
|
(e)
|
is é a dhéanfaidh cur chun feidhme bheartas leanúnachais gnó TFC agus pleananna freagartha agus athshlánaithe TFC an eintitis airgeadais, dá dtagraítear, faoi seach, in Airteagal 11(1) agus (3), a fhormheas agus a mhaoirsiú, agus a athbhreithniú go tréimhsiúil, ar beartais agus pleananna iad ar féidir a ghlacadh mar bheartas tiomnaithe sonrach ar cuid lárnach de bheartas foriomlán leanúnachais gnó agus de phlean freagartha agus athshlánaithe an eintitis airgeadais é;
|
|
(f)
|
is é a dhéanfaidh pleananna iniúchta inmheánaigh TFC an eintitis airgeadais, iniúchtaí TFC, agus modhnuithe ábharacha orthu sin, a fhormheas agus a athbhreithniú go tréimhsiúil;
|
|
(g)
|
is é a dhéanfaidh an buiséad iomchuí a leithdháileadh agus a athbhreithniú go tréimhsiúil, chun riachtanais athléimneachta digití oibríochtúla an eintitis airgeadais a chomhlíonadh i ndáil le gach cineál acmhainne, lena n-áirítear cláir ábhartha feasachta slándála TFC agus an oiliúint ábhartha san athléimneacht dhigiteach oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 13(6), agus scileanna TFC don fhoireann ar fad;
|
|
(h)
|
is é a dhéanfaidh beartas an eintitis airgeadais maidir le socruithe i ndáil le húsáid seirbhísí TFC arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí a fhormheas agus a athbhreithniú go tréimhsiúil;
|
|
(i)
|
cuirfidh sé bealaí tuairiscithe ar bun, ar an leibhéal corparáideach, chun gur féidir eolas cuí a thabhairt dó i ndáil leis na nithe seo a leanas:
|
(i)
|
socruithe arna dtabhairt i gcrích le soláthraithe seirbhísí tríú páirtí TFC maidir leis an úsáid a bhaintear as seirbhísí TFC,
|
|
(ii)
|
aon athruithe ábhartha pleanáilte ábharacha maidir le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí,
|
|
(iii)
|
an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag athruithe den sórt sin ar na feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha atá faoi réir na socruithe sin, lena n-áirítear achoimre ar an anailís riosca chun tionchar na n-athruithe sin a mheasúnú, agus ar a laghad mórtheagmhais a bhaineann le TFC agus a dtionchar, chomh maith le bearta freagartha, athshlánaithe agus ceartaitheacha.
|
|
|
|
EULAW
|
Airteagal 5 3
3. Eintitis airgeadais, nach micrifhiontair iad, bunóidh siad ról chun faireachán a dhéanamh ar na socruithe a dhéantar le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí maidir le húsáid seirbhísí TFC, nó ainmneoidh siad duine den ardbhainistíocht a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an neamhchosaint ghaolmhar ar riosca agus ar na doiciméid ábhartha.
|
|
EULAW
|
Airteagal 5 4
4. Déanfaidh comhaltaí de chomhlacht bainistíochta an eintitis airgeadais eolas agus scileanna leordhóthanacha a choinneáil cothrom le dáta go gníomhach chun riosca TFC agus a thionchar ar oibríochtaí an eintitis airgeadais a thuiscint agus a mheasúnú, lena n-áirítear trí oiliúint shonrach a leanúint ar bhonn rialta, i gcomhréir le riosca TFC atá á bhainistiú.
|
|
EULAW
|
Airteagal 6 8
8. Beidh straitéis athléimneachta digití oibríochtúla ina leagfar síos an chaoi a gcuirfear an creat chun feidhme mar chuid den chreat bainistíochta riosca TFC. Chuige sin, áireofar sa straitéis athléimneachta digití oibríochtúla na modhanna chun aghaidh a thabhairt ar riosca TFC agus cuspóirí sonracha TFC a bhaint amach mar a leanas:
|
(a)
|
an chaoi lena dtacaítear creat bainistíochta riosca TFC le straitéis agus cuspóirí gnó an eintitis airgeadais a mhíniú;
|
|
(b)
|
an leibhéal lamháltais riosca maidir le riosca TFC a leagan síos, i gcomhréir le hinghlacthacht riosca an eintitis airgeadais, agus anailís ar lamháltas tionchair le haghaidh bristeacha TFC;
|
|
(c)
|
cuspóirí soiléire a leagan amach i gcomhair na slándála faisnéise, lena n-áirítear na príomhtháscairí feidhmíochta agus na príomh-mhéadrachtaí riosca;
|
|
(d)
|
míniú a thabhairt ar an ailtireacht tagartha TFC agus ar aon athruithe a bhfuil gá leo chun cuspóirí sonracha gnó a bhaint amach;
|
|
(e)
|
achoimre ar na sásraí éagsúla a cuireadh i bhfeidhm chun teagmhais a bhaineann le TFC a bhrath, a dtionchar a chosc agus cosaint ina choinne a chur ar fáil;
|
|
(f)
|
an staid reatha maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil a léiriú ar bhonn líon na mórtheagmhas a bhaineann le TFC tuairiscithe maille le héifeachtacht na mbeart coiscthe;
|
|
(g)
|
tástáil athléimneachta digití oibríochtúla a chur chun feidhme, i gcomhréir le Caibidil IV den Rialachán seo;
|
|
(h)
|
achoimre a thabhairt ar straitéis cumarsáide i gcás teagmhais a bhaineann le TFC, nach mór a nochtadh i gcomhréir le hAirteagal 14.
|
|
|
EULAW
|
Airteagal 13 4
4. Déanfaidh eintitis airgeadais faireachán ar éifeachtacht chur chun feidhme a straitéise athléimneachta digití oibríochtúla a leagtar amach in Airteagal 6(8). Mapálfaidh siad forbairt riosca TFC le himeacht ama, anailíseoidh siad minicíocht, cineálacha, méid agus forbairt na dteagmhas a bhaineann le TFC, go háirithe cibirionsaithe agus a bpatrúin, d’fhonn tuiscint a fháil ar an leibhéal riosca TFC dá bhfuil an t-eintiteas airgeadais neamhchosanta, go háirithe i ndáil le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, agus cibearaibíocht agus ullmhacht an eintitis airgeadais a fheabhsú.
|
|